how you can help us

Lá Nua –Lá Nua –

  1. Andersonstown News
  2. North Belfast News
  3. South Belfast News
  4. La Nua

Nuacht

Foilsithe faoi dheireadh

Concubhar Ó Liatháin



Agus é ag labhairt ag oscailt Oireachtas na Samhna i gCathair na Mart aréir, sheol an tAire Ghnóthaí Tuaithe, Pobail agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuiv, an mórstaidéar teangeolaíoch ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht.
Bhí sé geallta aige roimhe seo go bhfoilseodh sé an tuarascáíl roimh dheireadh an Fhómhair, agus cé gur tugadh le fios don nuachtán seo an tseachtain seo caite gurb é an Nollaig an sprioc úr don fhoilseachán is mó a bhfuil súil leis le fada an lá, chomhlíon sé an gheallúint sin aréir.
Tá an tuarascáil pléite ag leibhéal na Comhaireachta cheana féin - ach bhí sé soiléir sa ráiteas a eisíodh inné nach bhfuil glacadh 100% leis na moltaí radacacha inti.
“Cé go bhfuil aird tugtha acu ar an Tuarascáil, dhearbhaigh an Rialtas go soiléir nach gá go gciallaíonn sé sin go bhfuil sé ag glacadh leis na moltaí atá inti,” arsa an tAire ina óráid aréir.
Tá sé i gceist anois coiste ard leibhéal - coiste comhaireachta - a bhunú agus, mar a deir an tAire:
“Creidtear go leagfaidh an Coiste Comhaireachta béim ar leith ar bhearta ar féidir a chur i bhfeidhm ar bhealach praiticiúil agus a mbeidh an éifeacht is mó acu ar úsáid laethúil na Gaeilge sa Ghaeltacht a mhéadú agus a chothú – go háirithe chun cinntiú go mbeidh eolas ar an teanga ag daoine óga sa Ghaeltacht agus go spreagfar iad chun í a úsáid.
“Tá roinnt moltaí praiticiúla sa Tuarascáil maidir le teorainn na Gaeltachta agus tabharfar tús áite don cheist seo nuair a bheifear ag déanamh breithniú ar an tuarascáil ionas go mbeidh teorainneacha na Gaeltachta bunaithe ar chritéar teangeolaíoch amach anseo.”
Chuir an tAire i gcomhthéacs an meid atá luaite sa tuarascáíl go bhfuil an bás i ndán don Ghaeilge mar theanga labhartha sa Ghaeltacht laistigh de scór blianta.
“Tá sé cóir a rá, áfach, go raibh bás na Gaeilge á thuar cheana sna blianta atá caite,” arsa an tAire.
Agus é ag scríobh thart ar 150 bliain ó shin, dúirt scríbhneoir amháin gan ainm, “as to the Irish language, toleration and patronage have come too late, it cannot be saved alive by any human power”.
Luaigh sé go raibh tuarascáíl ann in 1947 inar tugadh le fios nach raibh ach 35,000 sa Ghaeltacht ag úsáid na Gaeilge mar theanga labhartha.
Agus b'údar dóchais don Aire fosta an líon daoine taobh amuigh den Ghaeltacht a úsáideann an Ghaeilge go laethúil.
“Meastar go bhfuil beagnach 50,000 duine sa Stát anois a labhraíonn Gaeilge ar bhonn laethúil taobh amuigh den Ghaeltacht (taobh amuigh den chóras oideachais). Is é seo, de réir gach cosúlachta, an figiúr is airde ó bunaíodh an Stát.
“Tuigtear dúinn freisin go bhfuil éifeacht mhór ag an meon atá ag daoine taobh amuigh den Ghaeltacht i leith na Gaeilge ar an meon atá ag daoine taobh istigh den Ghaeltacht ina leith. Ní féidir an dá rud sin a scaradh óna chéile. Cuirfear an méid sin san áireamh nuair a bheidh an Rialtas ag déanamh cinntí faoin Staidéar Teangeolaíoch.”
Thug an tAire le fios go raibh breis is €800m caite ar an nGaeltacht ó 1996 agus go raibh sa bhreis ar €100m mar fhoráil don cheantar sa bhuiséad do 2007.
“Tá a thiomantas léirithe ag an Rialtas seo do phobal na Gaeltachta,” arsa an tAire agus é tabhairt chun cuimhne an gheallúint sa Ráiteas a d'eisigh an Rialtas i leith na Gaeilge roimh an Nollag.
Sceitheadh roinnt eolais faoi ábhar na tuarascála le linn an tSamhraidh nuair a tugadh le fios i Foinse, an nuachtán seachtainiúil Gaeilge, go raibh moltaí sa tuarascáil maidir le bord oideachais ar leith don Ghaeilge a bhunú mar aon le scoileanna sealbhaithe teanga do dhaoine ar bheagán Gaeilge a lonnú sa Ghaeltacht. Ní raibh téacs na tuarascála ar shuíomh idirlín na Roinne agus Lá Nua ag dul chun na clólainne aréir.
Beidh mionscagadh ar an dtuarascáil in eagrán Lá Nua amárach.

11/01/2007