how you can help us

Lá Nua –Lá Nua –

  1. Andersonstown News
  2. North Belfast News
  3. South Belfast News
  4. La Nua

Baruil agus anailis

Ná cothaítear an ‘Eilifint Bhán’



In ainneoin an dul chun cinn atá déanta le blianta beaga anuas le TG4, RnaG, Lá Nua is eile, tá sé amuigh ar lucht na Gaeilge go bhfuil dúil mhillteanach againn sa mhaorlathas is nach miste linn an cur amú airgid chomh fada is gur ar an dteanga atá sé á chur amú.
Níl tada a léiríonn an dearcadh stálaithe seanfhaiseanta seo an oiread is a léirionn an ráiteas is déanaí ó Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge faoi Mhír 9 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla, mír a bhaineann le comharthaíocht is fógraí oifigiúla sna meáin faoi sheirbhís rialtais is eile.
Rinneadh tagairt sa ráiteas a d'eisigh an Chomhdháil ar a suíomh idirlín - www.gaelport.com - do litir a fuarthas ón Aire Gnóthaí Tuaithe, Pobail is Gaeltachta, Éamon Ó Cúiv, ag tabhairt le fios go mbeadh rialacháin faoin mhír seo á ndeimhniú aige go fíorluath. Bhaist an Chomhdháíl ‘cúlú’ ón Acht ar an méid seo nó sin barúil an eagrais sin i dtaobh an easpa coimitminte ón Aire maidir le fógraí dátheangacha i nGaeilge agus i mBéarla bheith sna nuachtáin.
Beart fánach é ag an am is fearr fógraí dátheangacha a chur i nuachtáin agus ar na meáin Bhéarla. Is céillí i bhfad go mbeadh fógraí i mBéarla amháin sna nuachtáin sin agus na leaganacha Gaeilge ar na meáin Ghaeilge.
Sa bhealach sin, ní chuirfí airgead amú ag fógairt an ruda chéanna faoi dhó ar na nuachtáin Bhéarla. Is iad seo na meáin chéanna, cuimhnigh, a bhíonn de shíor ag ionsaí phobal na Gaeilge faoi stádas na teanga, dar leo, mar 'eilifint bhán'! Is é an ghné is íorónaí den scéal sin ná go gcaitear na múrtha euro, b'fhéidir na milliúin, gach bliain ar leaganacha dátheangacha d'fhógraí oifigiúla rialtais i bhfoilseacháin Bhéarla.
Bí ag caint ar bheith ag cothú na heilifinte báine, an beithíoch céanna a bheidh ár satailt lá níos faide anonn.
Tarlaíonn sé go bhfoilsítear na fógraí Gaeilge i nuachtáin Bhéarla go rialta de bharr nach ndéantar anailís cheart ar cé acu atá luach a chuid airgid á fháil ag an Stát ar a leithéid de bheartas. Tuigimid, sa nuachtán seo agus sna meáin Ghaeilge i gcoitinne, gur airgead amú é seo agus is olc linn é de bharr go bhfuil a fhios againn an tairbhe a dhéanfadh sé don tseirbhís a chuirimid ar fáíl an fhógraíocht seo a fháil. Ní hamháin sin ach an tsábháil airgid a bheadh ann don Stát nó is lú i bhfad an costas a bheadh ar fhógraí sna meáin Ghaeilge ná a gcomhionann i mBéarla.
Ná cothaímis an eilifint sa bhealach seo níos mó!

18/07/2007