how you can help us

Lá Nua –Lá Nua –

  1. Andersonstown News
  2. North Belfast News
  3. South Belfast News
  4. La Nua

Nuacht

Frustrachas foilsithe

Concubhar Ó Liatháin



Bhí casadh eile arís ar an bhfadscéal a bhaineann le foilsiú an Staidéir Chuimsithigh Theangeolaíoch faoi úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht nuair chuir cliseadh idirlín moill ar fhoilsiú na cáipéise iomláine, inné.
Tá isteach is amach le míle leathanach sa cháipéis iomlán, a d'ullmhaigh Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge de chuid na hOllscoile Náisiúnta, Gaillimh, i gcomhar leis an Institiúid Náisiúnta um Anailís Réigiúnach agus Spásúil.
Cuireadh achoimre den tuarascáil - achoimre 70 leathanach - ar fáil do na meáin Ghaeilge agus bhí oiche eolais ag an Oireachtas, aréir, i gCathair na Mart, inar labhair údair an staidéir agus oifigigh na Roinne le baill phobal na Gaeilge i dtaobh an tsaothair.
Sa mhéid den tuarascáil atá feicthe ag an nuachtán seo, is é an cheannlíne is mó go bhfuil sé i gceist an Ghaeltacht a rangú ina trí stráice: Gaeltacht A, ina mbíonn sa bhreis ar 67% den phobal ag úsáid na Gaeilge go laethúil; Gaeltacht B ina mbíonn céatadán idir 44-66% ag úsaid na Gaeilge ar bhonn laethúil; agus Gaeltacht C ina bhfuil an chuid eile.
Ina dtuarascáil, rinne na húdair an tuar go mbeadh deireadh leis an Ghaeilge mar phríomhtheanga phobail na Gaeltachta laistigh de 15-20 bliain.
Bhí an tuar sin bunaithe ar an suirbhé a rinneadh i measc daoine óga i ngaeltachtaí éagsúla.
Bhí an tuairisc duairc maidir leis an teanga a labhraíonn daoine óga ina measc féin: níor dhúirt ach 9% de dhaoine óga sa Ghaeltacht, go náisiúnta gurbh í an Ghaeilge an teanga a d'úsáid siad den chuid is mó agus iad ag comhrá lena gcairde. D'ardaigh an figiúir seo go dtí 24% i nGaeltacht A.
“Ina theannta sin, tá sé suntasach go dtagann laghdú ar leibhéal úsáide na Gaeilge i measc na ndaoine óga lena gcomhaoisigh de réir mar a théann siad in aois, ó aois na bunscoile go blianta deiridh na hiarbhunscoile. Thit an céatadán ó 17% in aois 5–8 mbliana go dtí 9% sa Ghaeltacht go náisiúnta sa tréimhse aoise 15–18 mbliana; agus i gcás Chatagóir A, thit sé ó 41% go dtí 24% sa tréimhse chéanna aoise.”
Ar an lámh eile, mar a deirtear sa tuarascáil: “Nuair a bhreathnaítear ar phatrúin úsáide Gaeilge na ndaoine óga, feictear go bhfuil bearna mhór idir a ndearcadh agus a gcumas Gaeilge, ar láimh amháin, agus an úsáid a bhaineann siad as an nGaeilge sna gréasáin éagsúla teaghlaigh agus pobail lena mbaineann siad.”
Bhí dearcadh an-dearfach i leith na Gaeilge i ngach cineál Gaeltachta - A, B agus C - ag na daoine óga a ceistíodh.
“Léirigh 94% de na daoine óga atá ina gcónaí i limistéir Chatagóir A go bhfuil siad go láidir i bhfabhar na Gaeilge nó fabhrach go leor, agus is iad na céatadáin chomparáideacha i gcás Chatagóirí B agus C ná 92% agus 80%, faoi seach. Ina theannta sin, léirigh breis agus 80% acu go mbeidís míshásta dá mba é an Béarla amháin a bheadh in úsáid sa Ghaeltacht amach anseo nó dá mbainfí an stádas Gaeltachta den cheantar a bhfuil cónaí orthu ann,” dúradh sa Staidéar.
Is cinnte, afach, gurb é an tuarascáil seo an t-ábhar is mó cainte a bheidh ag an Oireachtas, as seo go dtí an Domhnach.
Tá daoine a bheidh míshuaimhneach faoi chinneadh an Aire nó beidh siad ann a déarfaidh gurb ionann an cinneadh Coiste Comhaireachta a bhunú le moltaí praiticiúla a dhéanamh agus a fheidhmiú agus beart moilleadóireachta.
Cháín an gníomhaí teanga, Donncha Ó hÉallaithe, an tAire Ó Cuív i leith sé mhí a chur amú trí mhoill a chur ar fhoilsiú na tuarascála agus dúirt gurbh é an t-aon rud a tháinig as seo ná “coiste eile”.
“Tá gá práinneach le gníomhú ar na moltaí atá sa tuarscáil,” ar seisean.
Mhol sé chomh maith gan aon am breise “a chur amú” ag cur chun cinn na Gaeilge i gceantair sna limistéir Ghaeltachta oifigiúla ina raibh sí “básaithe le fada an lá”.
Dar le Seosamh Mac Donncha ón Acadamh, ba athruithe deimeagrafacha seachas meon diúltach i leith na Gaeilge ba chúis le meath na teanga sa Ghaeltacht.

11/02/2007