Lá Nua –02 September 2010
Chruthaigh imscrúdú de chuid an Choimisinéara Teanga nár chomhlíon an Roinn Oideachais agus Eolaíochta dualgas reachtúil de chuid an Achta Oideachais 1998 nuair nach raibh fáil ar leaganacha reatha i nGaeilge, i gcló agus go leictreonach, de shiollabais na n-ábhar éagsúil iarbhunscoile.
Ba shárú eile ar an reachtaíocht chéanna é gur i mBéarla amháin a bhí fáil ar “Rialacha agus Cláir le haghaidh Meánscoileanna,” an treoirleabhair oifigiúil do riaradh agus bainistiú scoileanna, scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta san áireamh.
Príomhoide iar-bhunscoile , ar scoil aitheanta í a chuireann teagasc trí Ghaeilge ar fáil, a rinne an gearán agus a dúirt go raibh na siollabais chomh maith le rialacha agus cláir na meánscoileanna ar fáil go saoráideach trí Bhéarla mar sheirbhís taca do scoileanna a d’fheidhmigh trí mheán na teanga sin.
Ba é seasamh na Roinne, i dtús aimsire, gurbh é fírinne an scéil go raibh fáil ar fhormhór mór na siollabas trí Ghaeilge ach chruthaigh tuilleadh tochailte go raibh 27 ábhar ar chúrsaí an Teastais Shóisearaigh agus na hArdteistiméireachta nach raibh leaganacha clóite dá siollabais ar fáil i nGaeilge.
Cé go raibh leaganacha Béarla de thromlach na siollabas ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne, bhí 42 ábhar nach raibh leaganacha Gaeilge dá siollabais ar fáil ar an suíomh gréasáin céanna.
Foilsíodh cuid mhaith de na siollabais chuí trí Ghaeilge in eagrán na bliana 1991 de “Rialacha agus Cláir le haghaidh Meánscoileanna”, nach raibh i gcló a thuilleadh.
Mhol an Roinn go bhféadfadh scoileanna fótachóipeanna a lorg uaithi.
Bhí eagráin nuashonraithe den leagan Béarla de “Rules and Programmes for Secondary Schools” á bhfoilsiú go rialta agus cuireadh sé eagrán ar leith ar fáil ó tháinig an tAcht Oideachais i bhfeidhm sa bhliain 1998, ach gan aon eagrán i nGaeilge ón mbliain 1991.
Bhí sé mar argóint ag an Roinn freisin nach raibh aon dualgas uirthi faoin Acht Oideachais leaganacha Gaeilge de na siollabais a sholáthar agus gur cheadaigh an reachtaíocht discréid don Aire i dtaca le soláthar seirbhísí de réir na n-acmhainní a bhí ar fáil.
Thagair an Roinn freisin do bhreithiúnas Ard-Chúirte a dúirt, cé gur fhoráil an tAcht Oideachais do “feidhmeanna” a bheith tugtha don Aire, nár leag sin dualgais uirthi.
Tháinig an t-imscrúdú ar mhalairt d’argóintí, áfach, i gcás de chuid na Cúirte Uachtaraí. Chinn an Coimisinéir Teanga, tar éis dian-anailís a dhéanamh ar na hargóintí dlíthiúla agus fíorasacha ar fad, go raibh an Roinn Oideachais agus Eolaíochta ag sárú dualgais reachtúla a bhí daingnithe san Acht Oideachais 1998 agus leag sé amach clár ina raibh 10 gcinn de phointí a chinnteodh nach leanfadh an sárú sin.
Meabhraíodh i dtuarascáil an imscrúdaithe go raibh ceart reachtúil ann achomharc a dhéanamh laistigh de 4 seachtaine chuig an Ard-Chúirt ar phonc dlí i gcoinne an chinnidh ach ní dhearnadh a leithéid d’achomharc.
Dúirt an Coimisinéir Teanga gur chúis díomá dó go raibh soiléireacht agus trédhearcacht in easnamh i gcuid den chur chuige a bhain leis an soláthar eolais don imscrúdú i dtús ama, rud a chruthaigh féidearthacht go bhféadfadh an t-imscrúdú a bheith curtha ar mhíthreoir.