how you can help us

Lá Nua –Lá Nua –

  1. Andersonstown News
  2. North Belfast News
  3. South Belfast News
  4. La Nua

Nuacht

Shell chun Sáile ag an Solitaire arís



Bhí curachóirí Shell chun Sáile ar ais ar na Cealla Beaga i gContae Dhún na nGall inné arís nuair a chuaigh triúr acu ar bord an Solitaire, an long is mó leagtha píplíne ar domhan, le litir ghearáin a sheachadadh chuig an chaptaen.
Chuaigh ceithre bhád bheaga, agus cúigear curachóirí, fhad leis an long agus chuaigh triúr acu ar bord agus thug siad a litir do bhall fhoireann na loinge ag tabhairt cuiridh ar Simon Van Der Plicht, captaen an Solitaire, teacht go Gleann an Ghaid go bhfeicfeadh sé dó féin nach raibh tacaíocht an phobail ag an tionscadal.
Seo an dara huair go raibh siad i dteagmháil le captaen na loinge.
Chuir siad litir chuige i mbuicéad ar 19 Lúnasa nuair a chuaigh siad amach chuig an Solitaire i gCuan Dhún na nGall.
Níor thug an captaen freagra ar bith ar an litir sin, a d’iarr air gan páirt a ghlacadh sa tionscadal le gás a thabhairt i dtír ag Gleann an Ghaid i gContae Mhaigh Eo.
Tá curachóirí ag gníomhú le níos mó ná trí seachtaine san fharraige amach as cósta Mhaigh Eo, ag iarraidh bac a chur ar iarrachtaí Shell nasc a dhéanamh idir ceantar gáis na Coiribe agus an suíomh atá ag Shell ag Gleann an Ghaid.
Is as an suíomh sin a rachaidh an phíblíne chuig an scaglann atá siad á tógáil ag Béal an Átha Buí, naoi míle ón chósta.
Go dtí seo, níl cead pleanála faighte ag an chomhlacht gáis agus ola don phíplíne sin.
Sa litir a thug siad don chaptaen, deir Shell chun Sáile nach bhfuil an pobal áitiúil ag tabhairt tacaíochta don tionscadal.
Dé Domhnaigh, bheannaigh sagart as paróiste Chill Comáin báid bheaga chabhlach Shell chun Sáile.
Tá an eagraíocht ag glacadh leis gurbh ionann sin agus cléir na paróiste ag tabhairt aitheantais do na hiarrachtaí atá ar bun acu stop a chur leis an obair ar an phíplíne.
Roimhe seo, chuir na sagairt rún chun tosaigh a mhol gur chóir an phíblíne a thabhairt i dtír i gceantar níos iargúlta ná Gleann an Ghaid.
Dhiúltaigh Shell glacadh leis an mholadh sin.

09/09/2008