how you can help us

Lá Nua –Lá Nua –

  1. Andersonstown News
  2. North Belfast News
  3. South Belfast News
  4. La Nua

Nuacht

Tuilleadh fadhbanna ag Píblíne na Coiribe i gContae Mhaigh Eo



Tá leagan na píblíne i bpáirc gháis na Coiribe faoi cheantar Chnocán na Líne curtha siar go ceann seala mar gheall ar an drochaimsir sa cheantar, tugadh le fios, inné.
Tá achrann eile á tharraingt ag an leagan líne seo, mar gheall ar dhiúltú cúigear iascairí a gcuid potaí portáin a thógáil ón chuid sin den fharraige ina mbeidh an phíblíne.
Tá iarrachtaí déanta ag an ghrúpa feachtasaíochta, Shell Chun Sáile, chun stop a chur leis an fhorbairt ar an phíblíne.
Dhiúltaigh an cúigear iascairí comhaontú cúitimh a shíniú leis an chomhlacht, Shell E&P, mar nach mbeadh siad in ann iascaireacht sa cheantar sin go ceann trí mhí agus an phíblíne á leagan.
Tá buaireamh go háitiúil chomh maith mar gheall ar uisce táirgthe a bheas ag sceitheadh ón chríochfort.
Tá sé ráite ag Shell go mbeidh an t-uisce táirgthe seo ar chaighdeán níos airde ná mar atá de dhíth san AE agus go mbeidh an t-uisce ag dul i bhfarraige tuairim is 3.2 ciliméadar ón chósta.
Tá Shell a mhaíomh go bhfuil staidéar trí bliana déanta a thaispeánann nach mbeidh aon tionchar ar chomhshaol na mara mar gheall ar an uisce cóireáilte seo.
Tá sé ráite ag na hiascairí, go bhfuil tuairim is 800 pota portáin acu sa limistéar ina mbeidh an phíblíne.
Tá an long leagtha píbe, an Solataire, amach ó chósta Chontae Dhún na nGall ag fanacht leis an aimsir socrú.
Rinne baill de Shell Chun Sáile iarracht litir a thabhairt do chaptaen na loinge, ar an tseachtain seo caite, nuair a sheol siad amach chuig an long i gcadhcanna.
Dúirt John Egan, Bainisteoir Cumarsáide Shell E&P, go raibh na ceadúnais chuí ag an chomhlacht agus raibh fógraí seolta acu chuig iascairí ag iarraidh orthu gan potaí a chur sa limistéar ina mbeidh an phíblíne á leagan.
“Tá socrú déanta againn le 95% d’iascairí, agus níl cead ag aon iascaire go heisiach a bheith ag iascaireacht in áit ar leith mar seo,” ar seisean.

09/04/2008