Lá Nua –02 September 2010
Bíodh is go rabhthas ag fanacht leis le fada, ní raibh aon iontas sa mhéid a foilsíodh sa tuarascáil ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht.
Fiú mura mbeadh an eolas a sceitheadh níos luaithe i mbliana sceite, ní bheadh aon údar iontais sa tuarascáil seo ó Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus an Institiúid Náisiúnta um Anailís Réigiúnach is Spásúil.
Ní le drochmheas ar an obair thaighde shuntasach atá déanta ag an bhfoireann léannta a chuaigh i mbun na hoibre seo atá an nuachtán seo ag rá an mhéid seo.
Bhí a fhios againn i gcónaí scála na faidhbe: tugtar léargas dúinn ar mhionsonraí an phictiúir mhóir sa dtuarascáil seo.
Bhí sé suntasach gur léir ónar dhúirt an tAire, Éamon Ó Cuív, agus é ag seoladh na tuarascála, arú aréir, nárbh ionann an foilseachán agus a rá go mbeadh an rialtas ag glacadh leis na moltaí a bhí ann.
Níor ghá a leithéid a rá nó an tosaíocht a thabhairt don fhorógra sin agus a tugadh.
Ag an am céanna, tá moltaí radacacha sa tuarascáil agus ní hionann sin is a rá go bhfuil siad praiticiúil.
An bhfuil sé indéanta córas scolaíochta comhthreomhar leis an ghnáthchóras a bhunú i nGaeltachtaí áirithe, a áirítear mar Ghaeltachtaí den rangú A (nárbh fhearr cloí le fíor-Ghaeltacht?), le go mbeadh daoine in ann an Ghaeilge a shealbhú sula rachaidís ar scoil?
Agus cé go bhfuil suntas tugtha don ról is féidir le háisínteachtaí poiblí, an córas oideachais agus na húdaráis phleanála a bheith acu i dtarrtháil na Gaeilge mar phríomhtheanga labhartha na Gaeltachta, tá easnamh suntasach amháin le sonrú.
Ba cheart go mbeadh ról lárnach ag na meáin Ghaeilge - agus ag na meáin trí chéile - san obair seo.
Beatha na teanga í a labhairt, í a léamh agus a scríobh. Is ardán iad na meáin Ghaeilge don teanga agus ní féidir beag a dhéanamh dá dtábhacht.
Tá réimse iomlán na seirbhísí atá ar fáil i mBéarla de dhíth trí mheán na Gaeilge chomh maith: seirbhís raidió don aos óg, stáisiúin ar nós Raidió 1 agus Lyric FM, irisí ildaite agus nuachtáin bhríomhara thoirtiúla, seirbhísí ilmheán idirlín, seirbhís teilifíse 24/7 trí Ghaeilge le clúdach cuimsitheach ar nuacht, cúrsaí reatha, siamsaíocht, spórt is eile.
Níl an chaint seo ach ina tús.