Lá Nua –02 September 2010
Lá stairiúil a bhí ann, Dé Luain seo caite, nuair a glacadh, den chéad uair riamh, le Plean sonrach forbartha Gaeltachta in Éirinn. Tá iarracht déanta ag Comhairle Contae na Gaillimhe dul i ngleic leis na dúshláin phleanála agus teanga atá i bpríomh-Ghaeltacht na tíre, ach a bhfuil contúirt ann go bhfuil an treoir atá siad ag tabhairt chun an stádas Gaeltachta a chur i mbaol ar fad.
Baineann Plean Limistéir Áitiúil na Gaeltachta le cúrsaí timpeallachta, le hinfrastruchtúr, le seirbhísí cultúir agus teanga. Tá sé curtha le chéile tar éis tréimhse fhada comhairliúcháin phobail agus inchur ó na feidhmeannaigh agus ó bhaill tofa den Chomhairle Contae féin. Mar chuid den phlean, tá straitéisí sonracha i gceist do shráidbhailte an Spidéil agus na Ceathrún Rua. Beidh forbairt ar bith a dhéanfar sa Ghaeltacht seo feasta faoi réir rialachán atá sonraithe sa gcáipéis thábhachtach seo.
Ní nach ionadh, ní gan conspóid a tarraingíodh le chéile an plean. Le déanaí, is iad na coinníollacha teanga a bhaineann le forbairt eastáit tithíochta is mó a tharraing caint. Bhí raic mar gheall ar phleananna sa Spidéal freisin maidir le criosú faoi leith a dhéanamh ar chuid de thailte Theach an Spidéil. Dúradh go raibh seo beartaithe le go bhféadfadh iníon le fear gnó, ar leis an talamh, cead pleanála a fháil do theach cónaithe di féin. Fiafraíodh cén fáth an raibh na Comhairleoiri Contae ag déanamh fabhair di-se, agus neart daoine eile i gcruachás chomh maith, ceal cead pleanála ar shuímh dá gcuid. Tharraing na Comhairleoirí siar an moladh sin, ach ar iarr siad go ndéanfaí staidéar faoi leith ar thábhacht dúlra na dtailte sula ndeanfaí an cinneadh deiridh.
Is cosúil gur éist na Comhairleoirí le hachainí mhuintir na Ceathrún Rua chomh maith, tar éis nach bhfuil siad sásta é a admháil go poiblí! Bhí sé iarrtha againn go gcuirfí na rialacha céanna pleanála i bhfeidhm is atá i bhfeidhm i gCois Fharraige, chun cosaint níos láidre a thabhairt don Ghaeilge. Go dtí seo, ní raibh an Cheathrú Rua taobh istigh den teorainn ‘GTPS’ a luaitear sa phlean féin. Is limistéar í seo a shíneann 30 ciliméadar ó lár chathair na Gaillimhe. Tá an Cheathrú Rua (arís, dar leis an bplean) 45 ciliméadar ón chathair - cúig chiliméadar déag níos faide siar - ach is cosúil go bhfuil sé anois ar an léarscáil GTPS atá le cur isteach leis an dréacht deiridh den phlean. (Má dhéanann tú cuardach ar shuíomh idirlín na Comhairle don ‘GTPS’, áfach, is spéisiúil amach é gur féidir leagan den phlean a fháil a deireann go soiléir go raibh an Cheathrú Rua agus Casla le bheith sa gceantar GTPS, an chéad lá riamh, ach gur ordaíodh iad a bhaint amach. Tá siad curtha ar ais arís ann, chun feiliúint do na Comhairleoirí, is cosúil.)
Tá deis an-mhaith faoin bplean, áfach, nach raibh ar fáil roimhe seo. Is féidir anois le Gaeilgeoirí ó áit ar bith, iarratas a dhéanamh ar chónaí in áit ar bith sa Ghaeltacht seo agus ba chóir go mbeidís incháilithe. Bhí deacrachtaí roimhe seo ag duine bogadh taobh amuigh de chúig mhíle óna bhaile dúchais. Rud a d’fhág go raibh daoine ó na ceantair siar, a bhí ag obair i gCois Fharraige, mar shampla, á fháil deacair teach a thógáil sa gceantar sin. Anois, ba chóir go mbeadh muintir na Gaeltachta in ann bogadh siar is aniar gan aon mhórfhadhb. Beidh sé níos éasca freisin ag Gaeilgeoirí ó áit ar bith sa tír cead pleanála a fháil i gConamara. Is iontach an tseift é sin.
D'fhéadfadh míbhuntáistí a bheith leis sin chomh maith, gan dabht. B’fhéidir gur mó spéis a bheadh ag an dream ó na ceantair atá bánaithe, bogadh i dtreo na gceantar forbartha, rud a chuirfeadh leis an gcreimeadh daonra níos mó. Ach, is dóigh go bhféadfá a mhalairt de chás a chur, sin go mbeadh cuid den dream atá sna ceantair fhorbartha sásta bogadh siar níos faide anois mar go bhféadfadh luach suíomh agus tithe a bheith níos réasúnta thiar.
Beidh ceangal ceannacháin nua le ceannach tithe sa nGaeltacht faoin bPlean Gaeltachta freisin. I gcás mhuintir na háite, ní bheidh cead acu an teach a dhíol go ceann seacht mbliana, ach amháin le daoine a shásaíonn na riachtanais teanga agus chónaitheacha chéanna leo féin. I gcás daoine a bhogann isteach ón taobh amuigh, tá teorainn cúig bliana déag le cur i bhfeidhm. Seo é an áit a bhfeicim go bhféadfadh deacracht a bheith ann agus d’ardaigh mé an cheist leis na Comhairleoirí Contae a bhí i láthair ag cruinniú poiblí in Indreabhán, an tseachtain seo caite. Mar shampla, má tá beirt ag ceannach tithe taobh le taobh in eastát tithíochta i gConamara, más duine áitiúil duine acu, beidh an riail seacht mbliana i bhfeidhm. Más thar teorainn isteach don duine eile, beidh coinníoll cúig bliana déag buailte orthu. Níl mé cinnte an bhfuil sé sin bunreachtúil. Muna bhfuil, d’fhéadfaí an riail a chaitheamh i dtraipisí ar fad.
An feagra a bhí ag duine de na Comhairleoirí ar mo cheist ná go bhféadfá an rud céanna a rá faoi na ceadanna éagsúla a tugadh de réir pleananna éagsúla contae roimhe seo. Ach, ní ionann an dá chás. Bhainfeadh dearcadh siarghabhálach leo sin. ’Sé sin, nuair a thagann rialachán nua i bhfeidhm, tógann sé ceannas ar an gceann a chuaigh roimhe, ach seasann na coinníollacha a bhain leis an seancheann don dream a fuair an cead pleanála sin.
Faoin leagan amach nua, tá dhá riail éagsúla ag beirt a bheadh ag déanamh iarratais ag an am céanna ar an údarás pleanála céanna. Níl mé cinnte an seasfaidh sin scrúdú sna cúirteanna.
Muna bhfuil sin cothrom de réir dlí, d'fhéadfadh sé an coinníoll teanga atáthar ag iarraidh a chur i bhfeidhm a chur ó mhaith agus bheadh se i bhfad níos éasca ag duine gan Ghaeilge teach a cheannach sa gceantar ansin.
D’fhéadfadh impleachtaí tubaisteacha a bheith aige sin don Ghaeltacht, ainneoin an mhór-iarracht atá déanta sa bplean a leithéad a sheachaint.