how you can help us

Lá Nua –Lá Nua –

  1. Andersonstown News
  2. North Belfast News
  3. South Belfast News
  4. La Nua

Nuacht

Urghaire á troid ag ionadaithe ó champa tacaíochta Ros Dumhach

Danny Brown



Bhí ionadaithe ó champa tacaíochta Ros Dumhach sa chúirt chuarda i gCaisleán an Bharraigh inné ag troid urghaire a chuir Comhairle Contae Mhaigh Eo orthu an campa a fhágáil.
Seirbheáladh an urghaire ar mhuintir an champa, tráthnóna Dé hAoine, agus dúradh leo go gcaithfeadh siad bheith i láthair ag an chúirt chuarda ar maidin inné.
Is ar bhonn dochar don timpeallacht i nGleann an Gháid a seirbheáladh an urghaire.
Tuairiscíodh go bhfuair Comhairle Contae Mhaigh Eo roinnt gearán faoin champa, ceann acu ón tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra.
Dúirt urlabhraí don tSeirbhís gur ardaigh siad ceist an champa leis an Chomhairle cionn is go bhfuil an campa suite ar imeall Cheantar Caomhnaithe Speisialta agus go raibh eagla orthu go ndéanfadh campa fadtéarmach dochar do na dumhcha sa cheantar.
Is iad Eoin Ó Leidhinn, Bob Kavanagh agus Niall Hartnett a ainmníodh san urghaire, chomh maith le fear eile, Mark Robinson, nach bhfuil ann dó, de réir mhuintir an champa.
Bhí siad ag an chúirt ag iarraidh an éisteacht a chur siar go dtí an Fómhar le deis a thabhairt dóibh comhairle dlí a ghlacadh ar an cheist.
Cuireadh an cás siar go dtí Dé Máirt na seachtaine seo chugainn agus d’aontaigh ionadaí na Comhairle Contae gan dul ar aghaidh leis an urghaire go dtí sin.
Ba é Niall Hartnett, a ghlac cás cúirte in éadan na nGardaí ag éirí as na hagóidí ag an scaglann i mBéal an Átha Buí roimhe seo, a rinne ionadaíocht ar son an champa sa chúirt.
Bunaíodh an campa i mí Mheithimh 2005, nuair a bhí cúigear fear as Ros Dumhach sa phríosún i gCnoc na Seimre cionn is gur dhiúltaigh siad gealltanas a thabhairt nach gcuirfeadh bac ar oibrithe Shell dul ar a gcuid talaimh.
Ag an am sin, bhí sé lonnaithe cúpla míle taobh amuigh de Ros Dumhach féin, ar thalamh Philip McGrath, duine de chúigear Ros Dumhach, ach bogadh go Gleann an Gháid é, anuraidh.
Tá sé suite anois cóngarach don áit a dtiocfaidh an phíblíne atá beartaithe ag Shell i dtír.

24/07/2007