how you can help us

Lá Nua –Lá Nua –

  1. Andersonstown News
  2. North Belfast News
  3. South Belfast News
  4. La Nua

Nuacht

Club ‘G Spota’ le seoladh Dé hAoine

Colm Ó Broin



Beidh club nua do Ghaeilgeoirí, G Spota, ag tosú i mBéal Feirste, Dé hAoine seo chugainn.
Oíche shiamsaíochta mhíosúil atá i gceist agus beidh sé ar siúl i gCumann Chluain Ard ar Shráid na Sceiche i gceantar na bhFál.
Beidh an club oscailte ó 9.00in ar an gcéad Aoine de gach mí agus tá sé dírithe ar chainteoirí Gaeilge, 18-35 bliain d’aois.
“Beidh cuma úr, shnasta, dhathúil ar an Chumann don oíche sin agus beidh ceol comhaimseartha ag an DJ s’againn agus seisiún ceoil ann ina dhiaidh,” arsa Rónán Mac Murchaidh, duine d’eagraithe an chlub.
Costas ceithre phunt a bheas ar an doras agus beidh deochanna ar reic agus duaiseanna le baint freisin.
“Tá muid á chruthú seo de dheasca nach bhfuil scene comhaimseartha gaelach ar fáil do Ghaeil óga i mBéal Feirste faoi láthair,” arsa Mac Mucrhaidh.
“Is é an G-spota buaic na teanga, buaic an chumainn,” ar seisean chomh maith.
Tá tuilleadh sonraí le fáil faoi G Spota ach dul chuig www.bebo.com/angspots, angspots@gmail.com nó scairt a chur ar Chaoimhe Ní Chathail ar (0044) 07746721428.

04/01/2008