08 February 2010
Threisigh an chonspóid faoi chinneadh cáinaisnéise an rialtais cártaí leighis a bhaint de na mílte duine in Éirinn thar 70 bliain d’aois.
Dúirt Age Action Ireland inné go raibh go leor leor pinsinéirí ag dul i dteagmháil leo i gcónaí agus iad “fíor-imníoch, fíorbhuartha agus fíorfheargach” faoin gcinneadh, a fógraíodh Dé Máirt, go ndéanfaí tástáil maoine ar sheanóirí thar 70 bliain d’aois don chárta leighis.
Tá cruinniú beartaithe ag an gcarthanacht Dé Máirt seo chugainn chun an scéal a phlé.
Dúirt grúpa eile, Friends of the Elderly, nach raibh a fhios “ag éinne cad a bhí ag tarlú” agus nár theastaigh uathu “níos mó mearbhaill a chur leis an scéal mearbhallach seo.”
Dúirt Ceardchumann Dochtúirí na hÉireann go n-eiseodh siad ráiteas nuair a bheadh an scéal pléite go hinmheánach ag an 2,500 dochtúir ginearálta san eagraíocht.
Chosain an Roinn Sláinte an cinneadh ag rá go mbeadh thart ar 20,000 seanóir as an 140,000 a ndéanfaí tástáil maoine orthu amach anseo, fágtha gan cúnamh ar bith.
Coinneoidh 15,000 duine an cárta iomlán, gheobhaidh 35,000 cárta leighis an Dochtúra Ghinearálta agus gheobhaidh 70,000 ‘Íocaíocht Tacaíochta Sláinte’ de €400 in aghaidh na bliana.
Dúirt an t-urlabhraí go ndéanfaí an tástáil maoine ar theacht isteach glan an duine agus go gcuirfí san áireamh costais leighis, chíosa agus mhórgaiste.
Is é €201 in aghaidh na seachtaine do sheanóirí singile agus €298 do lánúineacha thar aois a 70 bliain an uasteorainn teacht isteach don chárta iomlán.
D’admhaigh an t-urlabhraí go raibh na sonraí a chuir Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ar a suíomh idirlín “casta”, ach dúirt go mbeadh an fhoirm tástála maoine “simplithe” agus shéan sé go gcuirfeadh sé an iomarca struis ar sheanóirí.
Dúirt an tAire Airgeadais, Brian Lenihan, inné, nach raibh an rialtas chun an cinneadh a chur ar ceal agus dúirt an tAire Sláinte, Mary Harney, go mbeadh ar an rialtas reachtaíocht a chur i bhfeidhm chun an t-athrú a chur i gcrích.
Ag caint dó sa Dáil, dúirt ceannaire Fhine Gael, Enda Kenny, go raibh an cinneadh ar an “tuathal is amaidí agus is fuarchroíche a rinne rialtas ar mhuintir aosta na tíre seo riamh” agus dúirt go mbeadh ar an rialtas soiléiriú a thabhairt ar an scéal.
Mhol Páirtí an Lucht Oibre agus Sinn Féin don rialtas an beart a chur ar ceal freisin.