how you can help us

Lá Nua –Lá Nua –

  1. Andersonstown News
  2. North Belfast News
  3. South Belfast News
  4. La Nua

An Earnail Ghno

Gnó sa Ghaeltacht-An Tuarascáil Theangeolaíoch



Foilsíodh an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht, an tseachtain seo caite, agus baineann roinnt den taighde atá ann le lucht gnó na Gaeltachta.
Seo thíos sliocht as an tuarascáil a léiríonn an bhá leis an teanga atá i measc na hearnála gnó, na deacrachtaí praiticiúla a bhíonn acu i dtaobh na Gaeilge de agus an easpa tuisceana atá ag go leor comhlachtaí ar na buntáistí eacnamaíocha a bhaineann leis an teanga.

Cúrsaí Gnó sa Ghaeltacht

I measc na n-ábhar a pléadh ag na trí ghrúpa fócais a bhain le cúrsaí gnó sa Ghaeltacht bhí: straitéisí forbartha don earnáil ghnó sa Ghaeltacht; cothú úsáid na Gaeilge san earnáil ghnó; seirbhísí trí Ghaeilge a chur ar fáil don phobal; buntáistí an aitheantais Ghaeltachta do lucht gnó na Gaeltachta; polasaithe fostaíochta agus tionsclaíochta a chothaíonn pobal teanga.
Mar réamhullmhúchán don ghrúpa fócais seo, rinneadh suirbhé ar 165 de na cuideachtaí atá liostaithe mar fhochuideachtaí agus mhórthionscail a bhfuil tacaíocht faighte acu ó Údarás na Gaeltachta (Tuarascáil Bhliantúil Údarás na Gaeltachta 2004).
Bhí dhá ghné sa suirbhé seo: glao gutháin ar na cuideachtaí le fáil amach cén teanga ina bhfreagraíonn siad an guthán agus an raibh suíomh idirlín acu.
Sa chás go raibh suíomh idirlín acu, breathnaíodh ar an suíomh chun a fháil amach an raibh an suíomh i nGaeilge nó i mBéarla nó dátheangach.
Léiríodh sa suirbhé seo gur i mBéarla amháin a d’fhreagair 95 (58%) cuideachta an guthán.
D’fhreagair 66 (40%) cuideachta an guthán i nGaeilge amháin agus d’fhreagair ceithre (2%) chuideachta as Gaeilge agus as Béarla.
As an 95 cuideachta a d’fhreagair an guthán i mBéarla amháin, bhí Gaeilge líofa ag an duine a d’fhreagair an fón i gcás 24 cuideachta (25% de na cuideachtaí a d’fhreagair as Béarla).
Is 51% de na cuideachtaí atá lonnaithe i limistéir Ghaeltachta a bhaineann le Catagóir A a d’fhreagair an fón as Gaeilge.
Is 64% agus 28% na figiúirí comparáideacha faoi seach do Chatagóirí B agus C.
As an 165 cuideachta a ndearnadh teagmháil leo, bhí suíomh idirlín ag 121 acu.
Ina measc seo, bhí an suíomh i mBéarla amháin ag 73% de na cuideachtaí.
Bhí sé chuideachta a raibh an suíomh i mBéarla agus i dteanga/dteangacha eile acu (gan an Ghaeilge san áireamh).
Bhí an suíomh i nGaeilge amháin ag cuideachta amháin agus bhí sé i nGaeilge agus i mBéarla ag 19 (16%) gcuideachta.
I dteannta an tsuirbhé seo, léirigh an bhreathnadóireacht neamhfhoirmeálta a rinne na taighdeoirí ar úsáid na Gaeilge i ngnólachtaí áitiúla Gaeltachta le linn thréimhse an tionscadail go mbíonn seirbhís trí Ghaeilge ar fáil i ngnólachtaí áitiúla sna limistéir Ghaeltachta a bhaineann le Catagóir A formhór an ama, ach go bhfuil polasaí laissez- faire á leanúint ag go leor acu maidir le cumas Gaeilge na ndaoine a earcaíonn siad agus leis an ngnáth-theanga oibre atá i réim ina gcuid gnólachtaí.
Nuair a pléadh na ceisteanna seo leis na daoine gnó a bhí i láthair ag na cruinnithe fócais, dúirt cuid mhór de na rannpháirtithe a bhain leis na grúpaí fócais gnó gur beag taithí a bhí acu ag déanamh plé ar an ról atá ag an earnáil ghnó agus thionsclaíoch i bhforbairt agus i gcinniúint na Gaeltachta mar aonad cultúrtha agus teangeolaíoch.
Bhí fonn ar fhormhór na rannpháirtithe a ndícheall a dhéanamh ó thaobh an iompair theanga de sna tionscnaimh agus sna gnólachtaí a raibh baint acu féin leo, ach léirigh siad go raibh easpa treorach agus tacaíochta ann ó thaobh polasaithe teanga a chur i bhfeidhm i ngnólachtaí.
Dúradh freisin go bhfuil sé ag éirí níos deacra le tamall anuas, daoine a fháil le fostú i gcuid mhaith de na poist a bhíonn ar fáil agus nach mbíonn rogha acu go minic ach daoine gan Gaeilge a fhostú.
Fiú nuair a fhostaítear daoine óga a tógadh le Gaeilge nó a bhfuil an Ghaeilge acu, is é an Béarla a labhraíonn siad ina measc féin.
Léirigh formhór na rannpháirtithe nach mbaineann cúrsaí Gaeilge go díreach lena ngnólachtaí, ach d’aithin siad gur acmhainn nádúrtha don cheantar í.
Glacadh leis dá gcaillfeadh an ceantar an stádas atá aici mar cheantar Gaeltachta agus dá gcuirfí deireadh dá réir sin leis an gcaiteachas breise Stáit a eascraíonn as an stádas sin, go mbeadh na gnólachtaí áitiúla thíos go mór leis san fhadtéarma.
Aithníodh ag na cruinnithe seo go raibh buntáistí ag baint leis an stádas Gaeltachta do chúrsaí gnó agus go bhfuil infrastruchtúr na Gaeltachta beagán chun cinn ar cheantair eile faoin tuath, ach dúradh go bhfuil go leor ceantar fós gan seirbhís shásúil idirlín agus nach bhfuil an t-infrastruchtúr bóithre sásúil.
Nuair a bhíonn tú ag taisteal taobh amuigh den tír, feiceann tú an costas breise a bhaineann le bheith ag taisteal ar dhrochbhóithre, a dúirt rannpháirtí amháin.
Luadh go bhféadfadh an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta a bheith níos gníomhaí ag cur ina luí ar an lucht gnó agus ar a gcuid fostaithe go bhfuil páirt thábhachtach le glacadh acu i gcinniúint na Gaeilge sa Ghaeltacht.
Léiríodh go gceaptar go bhfuil an machnamh agus na straitéisí a bhaineann le cúrsaí fostaíochta agus leis an bhforás eacnamaíoch a chur chun cinn á saothrú ar bhealach atá scartha go hiomlán beagnach ó na riachtanais a bhaineann le pobal na Gaeltachta a thabhairt slán mar phobal teanga.
Iarradh go léireodh an dá institiúid is tábhachtaí do phobal na Gaeltachta cinnireacht níos fuinniúla don phobal ina thaobh seo.
Is léir, ach an oiread le daoine óga Gaeltachta, go bhfuil bearna idir mianta agus dearcadh cuid mhaith de lucht gnó na Gaeltachta i leith na teanga agus an bealach ina bhfeidhmítear na cuideachtaí agus na heagraíochtaí lena mbaineann siad.
Ar thaobh amháin den scéal, is léir go bhfuil fonn orthu a ndícheall a dhéanamh ar mhaithe leis an nGaeilge agus go bhfeiceann siad go bhfuil tábhacht leis an nGaeilge, ach ar an láimh eile, ní léir go dtuigeann siad go hiomlán an tábhacht eacnamaíoch a bhaineann leis an nGaeilge dá gcuid gnólachtaí féin ná go bhfeiceann cuid áirithe acu go bhfuil aon mhórthábhacht le seirbhís uileghabhálach trí Ghaeilge a bheith ar fáil dá gcuid custaiméirí agus cliant.

11/08/2007