Lá Nua –02 September 2010
Ghabh na Gardaí dáréag le linn agóide a bhain le togra gáis na Coiribe, thart ar 2.00in, inné.
Bhí Willie Corduff, duine de Chúigear Ros Dumhach agus buaiteoir Dhuais Timpeallachta Goldman anuraidh, ar an duine déag fear agus an bhean amháin a gabhadh faoi Acht an Oird Phoiblí.
Tógadh an 12 chuig stáisiún na nGardaí i mBéal an Mhuirthead agus tuigtear gur gortaíodh fear amháin acu agus gur tógadh é chun na hotharlainne i gCaisleán an Bharraigh níos déanaí.
Bhí agóid ar bun ag an ngrúpa mar gheall ar obair thógála atá ar bun ag conraitheoirí de chuid Shell Ireland ar láthair i nGleann an Ghad in iarthuaisceart Mhaigh Eo, áit a mbeidh píblíne gháis ag teacht i dtír.
Dúirt an grúpa Shell chun Sáile inné nach raibh cead ag Shell obair a dhéanamh ar an láthair toisc nach raibh ceadúnas pleanála faighte acu go fóill don chuid den phíblíne a bheidh ar an tír mhór.
Tuigtear gur iarr an lucht agóide ar oibrithe de chuid Shell an ceadúnas a bhí acu don obair a thaispéaint dóibh ach nach bhféadfadh na hoibrithe é sin a dhéanamh agus gur ghabh na Gardaí an 12 nuair a chinn siad gan an láthair a fhágáil dá bharr seo.