Lá Nua –02 September 2010
B’achrannach amach an caidreamh a bhí idir an tSín agus an Tibéid ó thús ama, ach chuaigh an caidreamh sin go mór chun donais nuair a ghabh Daon-Phoblacht na Síne tír an Dalaí Láma.
Cé gur mhaígh na Sínigh gur athghabháil chríoch na tíre a bhí ann agus go raibh siad ann ar mhaithe leis an chosmhuintir a bhí faoi chois, léirigh ar tharla ina dhiaidh scéal a bhí éagsúil ar mhórán bealaí.
Maraíodh na scórtha míle Tibéadach agus rinneadh slad ar na mainistreacha. Gabhadh cibé ceannaire ar tháinig na Sínigh orthu, mórán manach ina measc.
Agus thar gach rud rinneadh iarracht cultúr ársa maorga a chur ó mhaith agus líonadh an tír le Sínigh a bhí beag beann ar bhéasa na dTibéadach.
As seo amach, ní bheadh sna mainistreacha, a bhí ann ó chianaibh, ach iarsmalanna cláraithe a gcuirfeadh turasóirí cuairt orthu.
Fiú dá mb’fhíor an focal ó na Sínigh gur cliarlathas seargtha gan mhaith a bhí sa seanréimeas, níor léirigh an cur chuige a bhí acu do na Tibéadaigh go raibh siad ag dul a bheith pioc níos fearr leis an chosmhuintir.
Cé gur thug na Tibéadaigh a ndúshlán do na fórsaí cumannacha, b’éigean dóibh éalú rompu sa deireadh agus chuir an Dalaí Láma agus a chúirt fúthu san India.
Agus lean an Dalaí Láma leis ag iarraidh a áitiú ar an domhan aird a thabhairt ar a raibh ag tarlú ina thír dhúchais ar dhóigh a thug stádas dó mar cheannaire domhanda ach, faraor, nár chuidigh pioc le stádas a thíre a fheabhsú.
Tá na Tibéadaigh anois ina mionlach ina dtír féin, an Tibéidis caite i leataobh agus an tSínis anois ina teanga rialtais, agus an lámh láidir á himirt ar an phobal i rith an ama.
Ó am go chéile, mar a bhí ag tarlú le tamall de sheachtainí anuas, téann an pobal Tibéadach ar na sráideanna agus déanann iarracht cur i gcoinne na Síneach go poiblí.
Tharla, mar a tharla go minic roimhe, go n-úsáidtear comhéigean ina n-éadan, baintear de na sráideanna iad agus bíonn sraitheanna d’ollghabhálacha sa tír.
Ach tríd seo ar fad, níor stad an Dalaí Láma de bheith ag síoráitiú ar a lucht leanúna gan géilleadh don fhoréigean agus a bhfeachtas a shalú le fuil.
Le déanaí, chuaigh sé céim níos faide nuair a dúirt sé go mbeadh sé sásta dul sa bhearna bhaoil agus cuairt a thabhairt ar Bhéising d’fhonn teacht ar réiteach sa chás.
Agus cé go bhfuil spiorad na saoirse láidir fós in ucht na dTibéadach, deir an Dalaí Láma go bhfuil sé sásta glacadh le réimeas na Síneach ach deireadh a bheith leis an fheachtas frith-Thibéadach.
I ráiteas a tháinig uaidh, roinnt blianta ó shin, thug sé le fios go raibh buntáistí ann do na Tibéadaigh faoi réimeas Bhéising; forbairt eacnamaíochta agus bonneagair ach go háirithe. Arís tugadh an chluas bhodhar dá bhfocal.
Labhair Nansy Pelosi, ceannaire na Comhdhála sna Stáit Aontaithe agus duine de na daoine is údarásaí sa tír sin leis an Dalaí Láma, an tseachtain seo a chuaigh thart.
Mura gcáineann daoine na hionsaithe ar chearta daonna sa Tibéid, is amhlaidh a chailleann muid an ceart labhairt ar chearta daonna áit ar bith ar domhan, a dúirt sí. Tá an ceart aici agus ní mór dúinn, mar thír, mar phobal agus mar dhaoine a thuigeann an caidreamh idir an coilíníoch agus an pobal coilínithe meabhrú air sin.