how you can help us

Lá Nua –Lá Nua –

  1. Andersonstown News
  2. North Belfast News
  3. South Belfast News
  4. La Nua

Nuacht

Béarlóirí is cúis le meath na Gaeltachta-Tuarascáil

Colm Ó Broin



Is é aistriú chainteoirí Béarla chun na Gaeltachta an príomhchúis le meath na Gaeilge sna ceantair sin, de réir na tuarascála teangeolaíche atá foilsithe ag an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.
“Ní hé go bhfuil muintir na Gaeltachta iad féin ag iompar a ndroim ar an nGaeilge, ach tá siad ag maireachtáil i gcomhthéacs nua ina bhfuil dhá theanga sa phobal agus bíonn brú orthu de bharr sin,” arsa comhúdar na tuarascála, Seosamh Mac Donnacha ó Ollscoil na hÉireann Gaillimh (OÉG).
Deirtear sa tuarascáil go bhfuil daoine gan Ghaeilge nó daoine nach n-úsáideann an teanga go rialta aistrithe isteach sna ceantair Ghaeltachta is láidre de bharr cúiseanna áirithe, ina measc, giorracht do bhailte móra atá ag fás, deiseanna fostaíochta agus áilleacht na gceantar.
“Mar thoradh ar an dinimic shóisialta agus na gluaiseachtaí déimeagrafacha seo, tá líon suntasach daoine nach de bhunadh na Gaeltachta iad tar éis bogadh isteach sna limistéir Ghaeltachta, agus cé gur dóigh go bhfuil an Ghaeilge ag cuid acu seo, is féidir glacadh leis nach Gaeilgeoirí gníomhacha a bhformhór,” a dúradh sa tuarascáil.
“Ina theannta sin, tá fianaise ann go mbíonn an cineál sin duine níos líonmhaire i measc thuismitheoirí óga na Gaeltachta ná mar atá siad i measc grúpaí eile sa phobal, rud a bhfuil impleachtaí tromchúiseacha aige don timpeallacht shochtheangeolaíoch ina bhfuil daoine óga Gaeltachta ag fás aníos.
“Lagaíonn na gluaiseachtaí seo dlús na gcainteoirí Gaeilge sna pobail atá i gceist, agus de bharr gur tuismitheoirí óga a bhíonn i gcuid shuntasach díobh, bíonn tionchar acu ar dhlús na gcainteoirí Gaeilge, ní amháin sa ghlúin reatha, ach sna glúine atá le teacht chomh maith.”
Ag caint dó le Lá Nua dúirt Seosamh Mac Donnacha, go raibh brú ag teacht ar an nGaeilge de bharr cúinsí eile chomh maith.
“Tá go leor daoine de bhunús na Gaeltachta tar éis filleadh abhaile agus b’fhéidir nach bhfuil Gaeilge ag an teaghlach atá in éineacht leo.
“Go hiondúil, más cainteoirí dúchais iad beirt tuismitheoirí, agus má bhualann siad le chéile i gcomhthéacs Gaeilge, tógann siad a gcuid páistí le Gaeilge, ach tá an méid amannta a tharlaíonn a leithéid ag laghdú an t-am a fad.”
Molann an tuarascáil “bainistiú cúramach” ar ghluaiseachtaí déimeagrafacha “le go mbainfear an tairbhe shóisialta agus eacnamaíoch is fearr astu, gan dochar a dhéanamh do staid na Gaeilge mar theanga theaghlaigh agus phobail.”
“Nuair a bhí mise ag fás aníos ar an gCeathrú Rua bhí 99% den phobal ag labhairt Gaeilge 99% den am,” arsa Mac Donnacha, “ ach tá sé sin athraithe anois, faoi láthair tá formhór na ndaoine ag labhairt Gaeilge formhór an ama sa cheantar.”
Dúirt sé freisin go raibh an córas oideachas ag croílár na ndeacrachtaí atá ag an nGaeilge sa Ghaeltacht, agus dá mbeadh an teanga i réim sna scoileanna, go mbeadh tionchar mór aige seo ar nósmhaireacht teanga taobh amuigh de gheata na scoile.
“Is ceist an-chasta í ach is cinnte má  tá rud ar bith le déanamh go gcaithfí athruithe radacacha a dhéanamh ar an gcóras oideachais sa Ghaeltacht.
“Is cuma má tá muid ag caint ar Scoileanna Gaeltachta nó Gaelscoileanna sa Ghaeltacht, níl ansin ach semantics, an príomhrud a chaitheas a bheith ann ná go mbeadh córas oideachais lán-Ghaeilge ar fáil do dhaoine atá ag tógáil a gcuid páistí le Gaeilge.
“Rud a léiríonn an taighde ná go bhfuil an-tacaíocht i measc na ndaoine óga don Ghaeilge, agus go mbíonn cumas maith sa teanga ag formhór acu faoin am a fhágann siad an scoil, ach tá bearna ann ó thaobh úsáid na teanga i gcomhthéacs sóisialta,” arsa sé.
Léirigh an tuarascáil gur tógadh 53% de na daoine óga sna ceantair láidre Ghaeltachta (‘Catagóir A’) le Gaeilge nó le Gaeilge den chuid is mó, ach nach labhraíonn ach 24% dóibh an teanga an chuid is mó den am lena gcuid cairde.

11/05/2007