Lá Nua –02 September 2010
Is minic mé ag clamhsán faoi Chomhairleoirí Contae Chonamara, ach an tseachtain seo, is a mhalairt atá mé ag déanamh! Tá beart cróga déanta acu i ndréachtphlean Gaeltachta na Gaillimhe agus iad tar éis polasaí nua 'Neartú Gaeltachta' a cheapadh leis an teanga a chaomhnú agus leis an phobal Gaelach a threisiú. Agus, tá muintir na Ceathrún Rua ag iarraidh orthu dul céim eile.
Den chéad uair riamh, tá Comhairle Contae na Gaillimhe tar éis tabhairt faoi phlean forbartha do Ghaeltacht an chontae. Tugadh faoi chomhairliúchán poiblí, chuir daoine aonair agus grúpaí aighneachtaí chun cinn, cuireadh os comhair na gComhairleoirí iad agus ansin, foilsíodh an plean athdhréachtaithe tar éis tuairimí na n-ionadaithe tofa a chur san áireamh.
An moladh is suntasaí a rinneadar go mbeadh coinníollacha teanga i bhfeidhm i bhforbairtí tithíochta de dhá theach nó níos mó taobh istigh de theorainn an GTPS, nó an ceantar Gaeltachta atá i bhfoisceacht fiche míle nó mar sin de Ghaillimh. Bheadh na srianta i bhfeidhm go ceann cúig bliana déag agus dá mbeadh duine ag iarraidh teach a dhíol taobh istigh den achar sin ama, bheadh air é a dhíol le Gaeilgeoir.
Sna ceantair eile siar uaidh sin, Camus-Rosmuc, Ceantar na nOileán, Iorras Aithneach, Dúiche Sheoigheach agus An Cheathrú Rua, tá sé molta polasaí 'Neartú Gaeltachta' a chur i bhfeidhm. Níl na coinníollacha sna ceantair seo chomh docht agus má ghlactar leo, breathnófar níos fabhraí ar iarratais ó dhaoine as an gceantar ó dhúchas - nó óna gcuid gaolta, ó dhaoine atá fostaithe ann nó atá in ann an geilleagar áitiúil a chur chun cinn agus ó Ghaeilgeoirí as taobh amuigh den cheantar atá ag iarraidh cónaí ansin.
An bunchuspóir atá taobh thiar den pholasaí molta seo ná iarracht a dhéanamh an meath daonra sna ceantair áirithe seo a mhaolú. Is fiú an iarracht seo a mholadh, cé nach gcreidim féin go pearsanta go gcuireann coinníollacha teanga as don daonra, a bheag ná a mhór, in aon cheantar díobh. Sílim gurb é praghas na dtithe agus an t-infrastruchtúr pobail atá ag stopadh daoine ó bheith ag ceannach iontu.
Síleann an Coiste Pobail, áfach, nach bhfuil an Cheathrú Rua cosúil leis na háiteanna eile a bhfuil an polasaí Neartú Gaeltachta molta dóibh. Níl an titim sa daonra chomh follasach sin; go deimhin, a mhalairt a bheas ann má éiríonn leis an bplean Gaeltachta. Tá an Cheathrú Rua áirithe ar an dara ceantar Gaeltachta is láidre sa tír. Tá an pobal áitiúil an-mhórtasach as an teanga agus as na beartais éagsúla atá ar siúl chun í a chur chun cinn. Tá gníomhaíochtaí teangabhunaithe riachtanach do gheilleagar na háite. Áirím leis sin na Coláistí Samhraidh, Acadamh na hOllscoile, Foinse, Raidió na Gaeltachta, na Féilte Áitiúla, eagraíochtaí pobail agus óige, imeachtaí spóirt, siamsaíochta agus go leor eile. Chun tacú leis an spiorad pobail seo, measann Coiste Pobail na Ceathrún Rua gur chóir stádas faoi leith a thabhairt don leathpharóiste sa bplean Gaeltachta. Tá sé molta againn go dtabharfaí an stádas céanna pleanála dúinn is atá ag an limistéar atá taobh istigh den teorainn GTPS, sé sin go mbeadh coinníollacha teanga i bhfeidhm, in eastáit de 2 theach nó níos mó, ar 80% de na tithe agus go mbeadh an polasaí 'Neartú Gaeltachta' ag feidhmiú sa fiche fán gcéad eile acu. Ós rud é go bhfuil an chuid sin den phlean fós idir dhá cheann na meá, ba mhaith linn go gcuirfí an moladh seo san áireamh.
Go deimhin, ní bheadh aon ghlacadh ag Coiste Pobail na Ceathrún Rua le haon lagú ar a bhfuil molta sna 'hathraithe ábhartha' agus bheimis ag rá gur chóir iad a láidriú i gcomhthéacs na Ceathrún Rua ach go háirithe, lenár bhféiniúlacht Ghaelach a chosaint agus a threisiú.
Beidh le feiceáil againn an mbeidh sé de mhisneach ag na Comhairleoirí Contae tacú le mian an phobail áitiúil.