how you can help us

Lá Nua –Lá Nua –

  1. Andersonstown News
  2. North Belfast News
  3. South Belfast News
  4. La Nua

An Earnail Ghno

Moltaí na Tuarascála

Colm Ó Broin



Tá príomhchuspóirí leagtha síos ag an tuarascáil maidir leis an lucht gnó, ina measc, go mbunófaí Cumann Tráchtála Gaeltachta.

Lucht Gnó na Gaeltachta

Moltar go mbunófaí Cumann Tráchtála do lucht gnó na Gaeltachta, a mbeadh sé mar ról aige, inter alia, feasacht teanga a chothú ina measc, agus léargas a thabhairt dóibh ar an gceangal atá idir leas na Gaeilge agus leas eacnamaíoch na Gaeltachta, a gcuid cuideachtaí/gnólachtaí féin san áireamh.
Tá úsáid an Bhéarla ag dul i dtreis i measc chuideachtaí agus ghnólachtaí áitiúla na Gaeltachta.
Is léir nach bhfeiceann cuid den lucht gnó an ceangal atá idir leas na gcuideachtaí/ngnólachtaí lena mbaineann siad féin agus leas na Gaeilge sa Ghaeltacht, in ainneoin gur dóigh gurb iad an lucht gnó an earnáil is mó a fhaigheann tairbhe dhíreach agus indíreach as an stádas reachtúil atá ag na limistéir Ghaeltachta.
Ina theannta sin, is léir go bhfuil comhairle agus treoir de dhíth agus/nó nach bhfuil treoir ar fáil dóibh maidir le dea-chleachtais teanga a fheidhmiú san fhiontar lena mbaineann siad.

Príomhchuspóir:
Go dtabharfar spreagadh agus comhairle do lucht gnó na Gaeltachta maidir leis na dea-chleachtais teanga is féidir leo a fheidhmiú sna gnólachtaí lena mbaineann siad, agus go gcuirfear ina luí orthu an ceangal atá idir leas na Gaeilge agus leas eacnamaíoch na Gaeltachta, agus leas a gcuid cuideachtaí agus gnólachtaí féin san áireamh.

Forbairt Gheilleagrach

Tá limistéir áirithe Ghaeltachta atá fós tearcfhorbartha agus a bhfuil an Ghaeilge faoi bhrú iontu de thairbhe easpa deiseanna fostaíochta agus an daonra a bheith ag titim iontu.
Ina theannta sin, tá bonneagar fisiciúil, teileachumarsáide agus sóisialta na Gaeltachta fós ar gcúl i gcomparáid leis na ceantair is rachmasaí sa tír.
Príomhchuspóir:
Go bhféachfar le straitéisí forbartha eacnamaíocha teangaláraithe a aimsiú do na limistéir seo agus do na limistéir Ghaeltachta trí chéile, gan dochar a dhéanamh do dhlús na gcainteoirí Gaeilge sna limistéir atá i gceist; agus go bhféachfar chuige go leagfar próiseas pleanála amach do na limistéir Ghaeltachta a chuimsíonn na príomhfhorbairtí bonneagair agus eacnamaíocha atá le cur i gcrích le linn tréimhsí éagsúla pleanála.
Is gá an phleanáil seo a bheith comhtháite leis na gnéithe eile den phleanáil a dhéanfar sna limistéir éagsúla, ar a n-áirítear an phleanáil oideachais agus an phleanáil teanga.

11/08/2007