how you can help us

Lá Nua –Lá Nua –

  1. Andersonstown News
  2. North Belfast News
  3. South Belfast News
  4. La Nua

Nuacht

Coimisiún nua molta ag Ó hÉallaithe

Colm Ó Broin



Thacaigh Conradh na Gaeilge le moladh an léachtóra matamaitice, Donnchadha Ó hÉallaithe, inné, go bhfágfaí faoi choimisiún neamhspleách teorainneacha na Gaeltachta a shocrú amach anseo.
Tá anailís déanta ag an Uasal Ó hÉallaithe ar mholtaí an Staidéir Theangeolaíoch i leith úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht agus na himpleachtaí a bheadh acu do theorainneacha na Gaeltachta.
Mhol sé go gcuirfí breitheamh Ardchúirte i gceannas ar an gcoimisiún a shocródh na teorainneacha agus go mbeadh sé go hiomlán neamhspleách ar pholaiteoirí.
Ag caint dó le Lá Nua, inné, dúirt sé gur cheart go ndéanfadh an coimisiún scrúdú ar na teorainneacha gach cúig bliana chomh maith.
Agus é ag tacú le moltaí Uí hÉallaithe, inné, dúirt urlabhraí Gaeltachta Chonradh na Gaeltachta, Fionn Mac Giolla Chuda, go raibh práinn nach beag ag baint le teorainneacha na Gaeltachta a athrú.
“Ní foláir an Ghaeltacht a bheith ina haonad polaitíochta agus riaracháin a reáchtálfar trí mheán na Gaeilge, gur trí Ghaeilge feasta gan cheist a riarfar cúrsaí rialtais áitiúil agus pleanála, cúrsaí sláinte agus oideachais, na Gardaí agus na cúirteanna agus mar sin de.
“Ní féidir a leithéid a thabhairt i gcrích agus stráicí móra Galltachta san áireamh mar Ghaeltacht oifigiúil,” arsa sé.
Dúirt Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán an Chonartha, nach foláir fráma ama an-teann a bheith ag a leithéid de choimisiún.
“Níl aon chúis nach bhféadfaí an obair seo ar fad a chur i gcrích roimh dheireadh na bliana seo.
“Freisin, thabharfadh a leithéid deis do na pobail éagsúla cás a dhéanamh faoin rangú atá déanta orthu.
“Ba chóir ceist seo na dteorainneacha a athbhreithniú go tráth rialta mar a dhéantar le teorainneacha na ndáilcheantar agus deis a bheith ag pobail iarratas a dhéanamh ar stádas Gaeltachta nó ar ardú stádais,” ar seisean.
Tá cáineadh déanta ag gníomhaithe teanga i gceantair ar nós Oileán Acla agus Bhéal an Mhuirthead i Maigh Eo ar an mbagairt atá ann go gcaillfidh siad a stádas Gaeltachta, ach mhol Donnchadha Ó hÉallaithe inné gur cheart go mbeadh an deis ag na ceantair sin stádas Gaeltachta a bhaint amach in athuair dá láidreofaí staid na Gaeilge iontu agus dá sásófaí na critéir atá leagtha síos ag údáir an staidéir amach anseo.
Faoi mholtaí an Staidéir Teangeolaíoch, caithfidh 30% de dhaonra ceantair a bheith ag labhairt Gaeilge go laethúil agus caithfidh 10% de pháistí an cheantair a bheith i dteideal scéim labhairt na Gaeilge chun stádas Gaeltachta a bhaint amach.
“Bheadh deis ag na ceantracha ansin plean teanga a chur i gcrích agus stádas níos airde ná mar atá acu faoi láthair a bhaint amach.
‘‘Mar shampla, d’fhéadfaidís bogadh ó chatagóir C go catagóir B nó ó chatagóir B go catagóir A,” arsa sé.
Dúirt sé chomh maith go mba cheart go mbeadh an deis ag ceantar ar bith ar fud na tíre stádas Gaeltachta a bhaint amach dá sásódh sé na critéir.

26/03/2008