Lá Nua –02 September 2010
In eagarfhocal an irisleabhair Comhar, nár foilsíodh san iris féin ach atá a fhoilsiú i Lá Nua an lae inniu go heisiach (féach ar dheis), tugtar an fáth gur éirigh eagarthóir na hirise, Aindrias Ó Cathasaigh, as a phost agus gan ach eagrán amháin curtha i gcló aige.
San eagarfhocal, deir an tUasal Ó Cathasaigh; “Nuair a ceapadh eagarthóir nua sa samhradh, gheall bord stiúrtha Chomhar Teo gach tacaíocht dó ina chuid oibre.
“Ag obair dó ar an gcéad eagrán, fuair sé cúpla leide nárbh amhlaidh a bheadh.
“Ba chuma sin, b’fhéidir, nó b’eol dó gur ar a chrann féin a thitfeadh sé ar deireadh an iris a chur amach.
“Ach bhí fadhb throm ann nuair a thosaigh baill den bhord ag cur bacanna roimh a chuid oibre.”
Tá trí heagarfhocal ón eagarthóir i seilbh Lá Nua, mar atá; Stadchló (faoi thodhchaí Lá Nua), An Eacnamaíocht, Comhar Teoranta, atá foilsithe thall ar dheis.
Deirtear san eagarfhocal go ndearnadh “iarrachtaí drochnós úrnua i saol Comhar a thionscnamh: go bhfaigheadh an bord réamhamharc ar eagráin lena gceadú sula rachaidís i gcló.
“Ba shin deireadh leis an tsaoirse eagarthóireachta, dá mbeadh sé de mhístuaim san eagarthóir glacadh leis.”
I mí Mheán Fómhair na bliana seo caite d'fhógair Foras na Gaeilge go raibh siad chun deontas Comhar a stopadh ag deireadh na bliana.
Ach i mí an Mheithimh fógraíodh go raibh athbhreathnú déanta ag Foras na Gaeilge, agus chinn siad maoiniú a chur ar fáil do Comhar arís eile.
Is ansin a ceapadh an tUasal Ó Cathasaigh le bheith mar eagarthóir ar an iris, agus d’fhoilsigh sé a chéad eagrán agus a eagrán deireanach i mí Dheireadh Fómhair.
Comhar Teoranta
I bhfianaise tuairimíochta atá sa timpeall faoina bhfuil i ndán do Comhar, tá míniú ag gabháil do lucht ár léite.
Nuair a ceapadh eagarthóir nua sa samhradh, gheall bord stiúrtha Chomhar Teo gach tacaíocht dó ina chuid oibre. Ag obair dó ar an gcéad eagrán, fuair sé cúpla leide nárbh amhlaidh a bheadh. Ba chuma sin, b’fhéidir, nó b’eol dó gur ar a chrann féin a thitfeadh sé ar deireadh an iris a chur amach. Ach bhí fadhb throm ann nuair a thosaigh baill den bhord ag cur bacanna roimh a chuid oibre.
Ní hé seo an t-am cuí ná an áit chuí le ghabháil isteach i sonraí uilig an scéil seo. Ach nuair a bheas an t-am agus an áit sin ar fáil, tuigfear aríst gur aistí an fhírinne ná scéalaíocht dá fheabhas.
Rinneadh iarrachtaí drochnós úrnua i saol Comhar a thionscnamh: go bhfaigheadh an bord réamhamharc ar eagráin lena gceadú sula rachaidís i gcló. Ba shin deireadh leis an tsaoirse eagarthóireachta, dá mbeadh sé de mhístuaim san eagarthóir glacadh leis.
Choinnigh an t-eagarthóir air dá ainneoin seo go raibh eagrán Dheireadh Fómhair foilsithe agus seolta. Ag an bpointe sin a d’iarr sé ar an mbord a shoiléiriú an raibh fúthu tacú lena chuid oibre nó leis na hiarrachtaí an bonn a bhaint di. Nuair a chinn an bord gan tacú le obair an eagarthóra, ba léir nach raibh de rogha aige ach slán a fhágáil acu.
Tá éileamh aisteach déanta ag an mbord ar an eagarthóir: go mbeadh sé de cheart acu gach eagrán a scrúdú sula rachadh sé chuig an gclódóir, agus aon rud san eagrán nach raibh siad sásta leis a athrú. Níl aon bhaint ag an éileamh seo le cúrsaí dlí, mar ní haon dlíodóir clúmhillte é an bord. Ní call a rá gur dhiúltaigh an t-eagarthóir glan dá leithéid de chinsireacht faoi choim air féin agus ar na daoine a scríobhann san iris seo.
Ní hé seo an chéad uair i stair Comhar a tháinig bord salach ar obair eagarthóra, ná an chéad uair a mb’éigean d’eagarthóir éirí as dá thoradh. “The facts about Comhar are that it was made impossible for a former editor to carry on,” a scríobh Máirtín Ó Cadhain chuig eagarthóir na hirise i 1962, “that you, whoever you are, are prepared go look into Moran’s entrails on every occasion for the party-line auspices.”
Tá sé de chúram ar eagarthóir irise í a chur i dtoll a chéile go neamhspleách ar bhord, coiste nó foras ar bith a bhfuil clár eile oibre acu. Ní eagarthóir fiúntach a bheadh sa té a ghlacfadh le ladair a chur isteach mar sin, ná ní iris fhiúntach a chuirfeadh an té sin in eagar.
I ndiaidh eagrán Eanair agus a thréimhse scoir curtha isteach, tiocfaidh deireadh le seal gearr an eagarthóra seo, mar sin. Ní fios an mairfidh an iris ina dhiaidh sin, nó is doiligh cuimhniú ar eagarthóir eile a d’fheidhmeodh faoi na coinníollacha nua is áil leis an mbord a chur i bhfeidhm. Ba chosúil an t-am seo anuraidh gur críoch thragóideach a chuirfí le scéal uasal Comhar: is é an trua mhillteanach é gur cosúla le críoch áiféiseach anois é.