Lá Nua –02 September 2010
Mhol an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, macasamhail de phróiseas earcaíochta an PSNI ó thuaidh a chur i bhfeidhm ó dheas chun a chinntiú go mbíonn go leor daoine le Gaeilge ag obair i gcomhlachtaí poiblí chun seirbhís cheart a chur ar fáil do phobal na teanga.
Rinne an Coimisinéir an moladh agus é ag seoladh thuarascáil bhliantúil 2007 a oifige inné, tuarascáil a léirigh “sáruithe suntasacha” le linn na bliana ar Acht na dTeangacha Oifigiúla.
Tá sé de dhualgas ar an PSNI baill nua a earcú ar chóimheas 50% Caitliceach le 50% Protastúnach chun cothromaíocht trasphobail a spreagadh san fhórsa, agus de réir Uí Chuirreáin, bheadh córas “idirdhealú dearfach” dá leithéid inmholta chun cearta Gaeilgeoirí a chosaint.
Ag labhairt dó ag seoladh na tuarascála, dúirt an Coimisinéir “gur chosúil nár leor na córais reatha maidir le hearcaíocht agus traenáil foirne lena chinntiú go mbeadh líon leordhóthanach foirne le hinniúlacht sa Ghaeilge ar fáil in eagraíochtaí stáit na tíre le seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge chomh maith lena soláthar trí Bhéarla.
“Nílim ag déanamh an cháis ar chor ar bith gur cheart filleadh ar chóras na Gaeilge éigeantaí d’fhostaithe an stáit, ach ní chreidim gur leor ach an oiread ‘Béarla éigeantach’ a bhrú ar an bpobal agus iad ag déileáil le heagraíochtaí stáit,” arsa sé.
Theastódh córas “idirdhealú dearfach” ar bhunús teanga, “fiú ar feadh tréimhse shealadach, le tionchar dearfach a bheith aige in athchothromú a dhéanamh ar fhoireann le hinniúlacht sa Ghaeilge agus sa Bhéarla sa státchóras anseo,” arsa sé.
Dúirt an Coimisinéir nach mbeadh aon impleachtaí maidir le costais bhreise ag a leithéid de ghníomh, agus go deimhin go mbeadh sé níos saoire fiú toisc nach mbeadh gá le haistritheoirí a fhostú chun déaileáil leis na “na litreacha is simplí i nGaeilge.”
Rinneadh 622 gearán le hOifig an Choimisinéara anuraidh, ardú beag ar 2006.
Ó Chontae Bhaile Átha Cliath a tháinig an tríú cuid de ghearáin na bliana seo caite agus tháinig 24% ó Ghaillimh, 12% ó Chiarraí agus 6% ó Dhún na nGall.
Ón nGaeltacht a tháinig 40% de na gearáin agus as ceantair lasmuigh den Ghaeltacht an chuid eile (60%).
Chruthaigh imscrúduithe oifigiúla anuraidh go raibh ranna agus eagraíochtaí stáit ann a sháraigh forálacha reachtúla a raibh cosaint nó cur chun cinn na Gaeilge sa saol poiblí mar bhunús leo.
I measc na n-eagraíochtaí sin, bhí an Roinn Oideachais agus Eolaíochta, an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh, an Garda Síochána, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, Coimisiún na Scrúduithe Stáit, an tÚdarás Náisiúnta Míchumais, Bus Éireann agus Comhairle Contae Fhine Gall.
Léirigh imscrúdú a rinne an Coimisinéir nár chuir an Roinn Oideachais leaganacha clóite den siollabas le haghaidh 27 ábhar meánscoile ar fáil i nGaeilge nó cóip den lámhleabhar, ‘Rules and Programmes for Secondary Schools.’
Léirigh imscrúdú a rinne sé ar ghearán faoin easpa Gaeilge a bhí ar thicéid de chuid Bhus Éireann gur mhaígh an comhlacht iompair go mbeadh impleachtaí sábháilteachta “tromhchúiseacha” ann do pháistí scoile a d’úsáid na ticéid toisc gur eachtrannaigh iad go leor de thiománaithe an chomhlachta.
Dhiúltaigh an Coimisinéir an argóint seo, ag rá gur leor eolas ar theanga oifigiúil amháin de chuid na tíre, Béarla nó Gaeilge, “le bailíocht ticéad dátheangach a mheas.”
Chinn an Coimisinéir nár shárú ar fhoráil de chuid Acht na dTeangacha Oifigiúla a bhí ann gan leaganacha Gaeilge a bheith á bhfoilsiú de bhillí le linn an phróisis achtaithe i dTithe an Oireachtais, áfach.
Scoir sé d’imscrúdú eile ar ghearán a rinne Conradh na Gaeilge a bhain le cumas Gaeilge Breithiúna a cheaptar i gceantair Ghaeltachta nuair a diúltaíodh cead dó teacht ar eolas i gcomhaid chuí de chuid na Roinne Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí “mar gur bhain siad le cinntí agus imeachtaí de chuid an Rialtais.”
I gcás eile, ghlac an tÚdarás Náisiúnta Míchumais leis gur sháraigh siad an tAcht Teanga nuair a scaip siad 1.7 milliún cóip de leabhrán eolais, i mBéarla amháin, ar fud na tíre, agus 29,000 cóip den leabhrán i nGaeilge i gceantair Ghaeltachta éagsúla.
Thug an Coimisinéir le fios go raibh costas faoi bhun E472 ag baint leis an aistriúchán go Gaeilge, as buiséad iomlán de E375,000 don togra.
Ghabh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte leithscéal nuair a cruthaíodh in imscrúdú gur sháraigh an eagraíocht a dualgas reachtúil i gcás inar cuireadh seirbhís fiaclóireachta, ar sheirbhís pobail í, ar fáil i mBéarla amháin i scoil Ghaeltachta.
Ghabh Comhairle Contae Fhine Gall leithscéal nuair a léirigh imscrúdú eile gur theip uirthi cloí lena dualgas faoin Acht Teanga maidir le cumarsáid leis an bpost leictreonach i nGaeilge a fhreagairt sa teanga chéanna sin.