28 August 2008
Ní bheidh sé d’acmhainn ag an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) oibrithe a fhostú in Ionad Oideachais Choláiste Íosagáin i mBaile Bhuirne de bharr ciorruithe caiteachais an rialtais. Sheol an Roinn Oideachais litir chuig COGG le déanaí ag treorú dóibh párolla na heagraíochta a laghdú faoi 3% in 2009, de bharr drochstaid reatha an státchiste. Gheall an rialtas go gcuirfí maoiniú ar fáil do COGG chun ceathrar a earcú le dul i mbun oibre san Ionad Oideachais a gealladh do Bhaile Bhuirne ocht mbliana ó shin. “Tá ceathrar ag obair le COGG faoi láthair agus ní bheidh muid in ann líon na n-oibrithe a ardú 100% leis an gceathrar breise atá ceaptha a bheith ag tosú i Baile Bhuirne má tá an rialtas ag iarraidh orainn an párolla reatha a laghdú 3% in 2009,” arsa Muireann Ní Mhóráin, príomhfheidhmeanach COGG.
Beidh os cionn ocht milliún duine ina gcónaí in Éirinn faoin mbliain 2035, de réir tuair nua ó ghníomhaireacht staidrimh an Aontais Eorpaigh. Thuar oifig Eurostat go mbeadh 6,057,000 duine sa Phoblacht faoin bhliain sin, agus de réir rátaí fáis atá tuartha ag na húdaráis sa Tuaisceart, beidh 2,018,000 duine ina gcónaí sna sé chontae faoi 2035, rud a chiallaíonn go mbeidh thart ar 8,075,000 in Éirinn ar fad. Bhí 8,175,124 duine sa tír de ...
Ag tagairt dó dá raibh le rá ag an Aire Stáit ar Chúrsaí Eorpacha, Dick Roche, TD, an tseachtain seo, dúirt an Comhairleoir Contae, Pádraig Mac Lochlainn (Sinn Féin) gur chóir d’ionadaithe Fhianna Fáil i gContae Dhún na nGall teachtaireacht láidir a chur chuig an rialtas, ag cur in iúl nach mbeadh athrith den reifreann ar Chonradh Liospóin inghlactha. Dúirt an Comhairleoir Mac Lochlainn go raibh sé ag súil go mbeadh ráiteas láidir ó ionadaithe ...
Thug áisíneacht de chuid an AE le fios, inné, go n-ardódh daonra na hÉireann faoi 50% sna 50 bliain amach romhainn.
Ceapadh Leo Cullen mar chaptaen ar fhoireann rugbaí Laighean, inné.
Tá fadhb ar leith sa dara teanga náisiúnta ag an fhocal ‘poiblí’, go háirithe ar an oileán béal dorais. (Á! An t-oileán béal dorais.
Agus an chéad fhón póca Gaeilge ar an margadh le tamall anuas bhraith an Earnáil Ghnó go raibh sé in am léirmheas fuarchúiseach a dhéanamh