An Ghaeilge

Teanga Náisiúnta na hÉireann

I gcomhar le hAcadamh Ríoga na hÉireann tá taifeadtaí de chainteoirí dúchasacha Gaeilge a rinneadh timpeall na tíre idir 1928 agus 1931 á gcur ar fáil don phobal ar an leathanach seo ag Lá Nua.
Is féidir éisteacht anseo le taifeadtaí a rinne teangeolaí Gearmánach, an Dr Wilhelm Doegen, ar chainteoirí dúchasacha Gaeilge as Aontroim, Doire, Tír Eoghain, An Cabhán, Ard Mhacha, An Lú, Liatroim, Sligeach, Ros Comáin, An Clár agus Tiobraid Árainn.

Sa bhliain 1928, tháinig an Dr Doegen, Stiúrthóir an Lautabteilung, Preussische Staatsbibliothek, (Cartlann Fuaime Leabharlann Stát na Prúise) Beirlín,go hÉirinn ar iarratas ón Roinn Oideachais chun ceirníní foghraíochta a dhéanamh d'urlabhra na Gaeltachta.

Coiste an Léinn Ghaelaigh, Acadamh Ríoga na hÉireann, is ea a thionscain agus a stiúir Scéim Ceirníní Doegen.

Gach Meán Fómhair idir 1928 agus 1931 rinne Doegen agus a chúntóir, Herr Tempel, Gaeilge na Gaeltachta a chur ar cheirníní i gcúigí na Mumhan, Chonnacht agus Uladh, mar aon le Contae Lú.

I lár na 1990í, faoi thionscadal maoinithe ag Coláiste na Banríona, Béal Feirste, rinneadh athmháistriú ar cheirníní Chúige Uladh agus Chontae Lú agus sa bhliain 1999 shocraigh Leabharlann an Acadaimh athmháistriú a dhéanamh ar na ceirníní ó Chonnachta agus ón Mumhain chun taifeadtaí Doegen ar fad a chur ar dhlúthdhiosca.

Tá sé mar aidhm ag ARÉ an 212 taifead atá acu a chur ar shuíomh idirlín s’acu idir seo agus 2010.

Tá athscríbhinn de chúig thaifead ar fáil faoi láthair, ó Ros Comáin, Liatroim, An Cabhán, Doire agus Tír Eoghain, agus tá súil ag Lá Nua cur leis seo de réir a céile.

Tá taifead ag Roinn Bhéaloideas Éireann i gColáiste na hOllscoile Bhaile Átha Cliath de chainteoir dúchais Gaeilge as Cill Chainnigh chomh maith agus táthar ag súil go mbeidh sé seo ar fáil le héisteacht ag an bpobal amach anseo.

Táthar ann a cheapann gur le cósta iarthair na tíre amháin a bhaineann an Ghaeilge ach léiríonn an méid atá bailithe le chéile anseo gur cuid d’oidhreacht na hÉireann uilig í.

Measann muid go gcabhróidh an leathanach seo le daoine nasc a dhéanamh in athuair le hoidhreacht Ghaeilge a gceantar féin.

Má tá aon tuairimí nó moltaí agat faoin leathanach seo nó má tá eolas agat faoi oidhreacht Ghaeilge do cheantair, is féidir teagmháil a dhéanamh linn ach rphost a sheoladh chuig colm@nuacht.com

Tá cóipcheart iomlán ag Acadamh Ríoga na hÉireann ar thaifeadtaí Doegen agus ní féidir iad a úsáid ar bhealach ar bith gan chead ón Acadamh.

Taifeadtaí Doegen

Aontroim

Brian Mhac Amhlaoibh
Cluain Riabhach, Gleann Airimh

‘Oisín i ndiaidh na Féinne’

Doire

Mrs Donnelly (Eilís Ní Chléircín)
Leabaidh, Baile na Scríne

‘Sé do Bheatha a Mhuire’
‘Cré na nAspal’

Tír Eoghain

Máire McDaid
Achadh Uí Áráin, An Srath Bán

Scéal faoina hóige

An Cabhán

Seán Éamuinn Ruaidhrí Mhag Uidhir,
Gleann Ghaibhleann

‘An Págánach agus an Críostaí’

Ard Mhacha

Máire Ní Arbhasaigh
Cluain na Leac, Crois Mhic Lionnáin

‘Ag bruach Dhún Réimhe’ - Amhrán aithriste

An Lú

Brian Mac Cuarta
Ardachaidh, Ó Meith

‘M’athair agus slat iascaigh’

Brighid Ní Chaslaigh
Droim Lac, Ó Méith

Na huimhreacha 1-20

Liatroim

Mrs. Anna Feely
Gleann Éada

‘Rinne mé smaoineamh in m’intinn’ - Amhrán

Sligeach

Mrs. Brigid McEvey
An Choraidh

‘An fear beag riabhach rua’-Cuid 1
‘An fear beag riabhach rua’-Cuid 2

Roscomáin

Thomas Ganley
Cluain Mál, Loch Glinne

       ‘Mac Rí Chonnacht’

An Clár

Liam Ó Dileáin
Lúch, Dubhlinn

‘Seacht Sléibhte an Óir’

 

Tiobraid Árann

Séamas Ó Liatháin
Cruach, An Chathair

‘Fear bocht i dtigh ósta’