Tugann Gradaim Bharr-Chaoga do Ghnó le Gaeilge 2008 aitheantas d'fhiontraithe as a ndíogras don Ghaeilge

Baile Átha Cliath, Dé hAoine 23 Bealtaine, 2008: D'fhógair Lá Nua faighteoirí na nGradam Barr-Chaoga do Ghnó le Gaeilge le tacaíocht Fhoras na Gaeilge agus Accenture ag fáiltiú inniu in Óstán an Four Seasons, Baile Átha Cliath, ag a raibh láithreoir TG4, Páidí Ó Lionaird, agus Ceannaire Fhine Gael, Enda Kenny T.D., i láthair.
Is í seo triú bliain na ngradam, agus caoga faighteoir nua ag léiriú úsáid ghníomhach na Gaeilge thar raon leathan gairmeacha agus tionscal, lena n-áirtítear, seirbhísí proifisiúnta, teicneolaíocht, na healaíona, na meáin, miondíol, lónadóireacht, agus an earnáil phoiblí. Tá faighteoirí na bliana seo lonnaithe in Éirinn agus thar lear, agus Wikipedia, Carlsberg, Grafton Recruitment agus Cognotec ina measc - tá liosta iomlán na bhfaighteoirí anseo thíos.
Bronnadh Gradam Gaisce ar ocht gcinn de na gnóthaí ag an ócáid -
Aithníodh Carlsberg sa chatagóir 'Úsáid na Gaeilge mar uirlis mhargaíochta san Earnáil Phríobháideach', le tacaíocht Fhoras na Gaeilge, as ucht a bhfeachtas nuálach fógraíochta mar 'Aon Focal'. Tugann na feachtais tacaíocht do phearsantacht ghreannmhar an bhranda, ag díriú ar thríú rogha óltóir Carslberg don riocht ina bhfuil sé - an uair seo úsáid a bhaint as an nGaeilge!
Tugadh aitheantas do Litriocht.com sa chatagóir 'Úsáid Seirbhís trí Ghaeilge san Earnáil Phríobháideach', le tacaíocht Fhoras na Gaeilge. Bunaíodh an comhlacht, siopa ar líne do theidil Ghaeilge, in 1999. D'fhás Litriocht ó 100 teideal Gaeilge go dtí breis agus 5,000 teideal, iad á ndíol in 55 tír. Tá fás 166% tagtha ar dhíolacháin Litriocht.com le dhá bhliain anuas.
Bronnadh an gradam 'Úsáid is fearr na Gaeilge san Earnáil Phoiblí', le tacaíocht RPA, ar Public Appointment Services, as ucht a shuíomh Gréasáin Publicjobs.ie. Fógraíonn an suíomh inaitheanta poist i nGaeilge agus i mBéarla.
Bronnadh an gradam 'Fiontraí na Bliana', le tacaíocht Accenture, ar Brian de Staic Ltd., atá bunaithe sa Daingean, Co. Chiarraí, a dhearann seodra lámhdhéanta ardchaighdeáin, é á dhíol go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. Tá raon leathan seodra óir agus airgid, bunaithe ar an gcultúr agus oidhreacht Cheilteach, forbartha ag an gcomhlacht.
Bronnadh an gradam don Chomhlacht Gaeltachta is fearr, le tacaíocht Údarás na Gaeltachta, ar Bhialann Danny Minnies, Dún na nGall. Tá an bhialann lonnaithe in Anagaire, croílár Ghaeltacht Dhún na nGall, agus cáil uirthi de bharr an bhia agus na fáilte a sholáthraíonn siad trí Ghaeilge!
Tugadh aitheantas do Choláiste na bhFiann as a ngnó rathúil a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge. Le tacaíocht Lá Nua, tá breis agus 50,000 iardhalta ag an gcomhlacht, agus freastalaíonn 2,000 duine óg ar Choláiste na bhFiann in aghaidh na bliana. Is í Caitríona Ní Cheallaigh ceannaire na heagraíochta le 16 bliana.
Bronnadh 'Gradam Diaspóra' ar Brian Mac Cába, Príomhfheidhmeannach agus Bunaitheoir Cognotec. Is cainteoir Gaeilge é Brian a rugadh i mBaile Átha Cliath, agus atá anois lonnaithe sna Stáit Aontaithe. Bunaíodh Cognotec in 1981, soláthraí réiteach le haghaidh trádáil uathoibrithe malartán eachtrach.
Is í An Cheathrú Ghaeltachta, faoi stiúir Tony McCusker, an ceann tiomána taobh thiar d'fhís na Ceathrún Gealtachta atá i mbéal forbartha i mBéal Feirste thiar. Bronnadh an gradam 'Fís don Todhchaí', á thacú ag Lá Nua, ar an gcomhlacht.
Ba é Lá Nua, an nuachtán laethúil, a thionscain na gradaim chun fiontraíocht a spreagadh i measc Gaeilgeoirí. Ag míniú bhunú na ngradam di, dúirt Connla Lawlor, príomhfheidhmeannach Lá Nua "Is léiriú é rath na ngradam Barr-Chaoga ar an éileamh atá anois ar an nGaeilge i ngach gné den tsochaí agus i measc gnóthaí, go háirithe, a thuigeann an buntáiste iomaíoch a bhaineann le húsáid na Gaeilge sa mhargadh."
Ag filleadh mar chomhpháirtí don tríú bliain as a chéile, mhínigh Foras na Gaeilge: "Léiríonn gradaim an lae inniu raon éagsúil na ngnóthaí agus na ndaoine uaillmhianacha a bhfuil úsáid á baint acu as an nGaeilge ina gcuid teagmhálacha agus cleachtas ar bhonn rialta. Deimhníonn an spéis sa teanga ó thíortha agus ó náisiúntachtaí eile a tarraingteacht uilíoch. Tuigeann na gnóthaí rathúla seo go bhfuil áit ann don Ghaeilge mar uirlis mhargaíochta, theagmhála agus ghnó. Más spéis le cuideachtaí eile an Ghaeilge a thabhairt isteach ina gcuid cleachtas oibre iarraimid orthu teagmháil a dhéanamh le rannóg Gnó Fhoras na Gaeilge". Gearóid Trimble, Clárbhainisteoir, Foras na Gaeilge.
Ag labhairt dó ag ócáid na ngradam, dúirt Enda Kenny T.D., Ceannaire Fhine Gael, 'Táim an-dílis don Ghaeilge, agus fáiltím roimh a húsáid agus a cur chun cinn i measc níos mó agus níos mó gnóthaí.'
Dúirt Mark Ryan, Stiúrthóir Bainistíochta na Tíre in Accenture; "Tuigimid, in Accenture, ról tábhachtach na Gaeilge inár ngnó féin, agus is cúis áthais dúinn a bheith mar urra na ngradam seo. Labhraíonn cuid mhaith dár bhfostaithe áitiúla agus dár gcliaint Gaeilge agus de réir mar is cuí déanaimid oifigigh a bhfuil Gaeilge acu a cheapadh do thionscadail as Gaeilge. Ní hamháin gur cuid lárnach í an Ghaeilge dár n-oidhreacht, ach is sócmhainn í ar chóir dúinn ar fad úsáid a bhaint aisti inár saol laethúil."
Dúirt Robert Smyth, atá i gceannas ar Chumann Gaelach Accenture; "Bhí freagairt dhochreidte laistigh den chomhlacht ar bhunú ár gcumainn Ghaeilge anuraidh. Tá breis agus 250 ball anois againn, agus eagraímid raon leathan gníomhaíochta; ranganna seachtainiúla inmheánacha san áireamh. Ghlac 50 fostaí de chuid Accenture páirt sa chúrsa is déanaí, le cuid acu ag teacht ó thíortha eile, an Pholainn agus an Afraic Theas ina measc. Ardaíonn sé an croí nuair a fheictear an teanga á foghlaim ag grúpa éagsúil fostaithe agus ár gcomhlacht ag tacú leis an teanga nuair is féidir."

Cliceáil anseo chun griangraif ón mBarr 50 2008 a fheiceáil.

Seo leanas iad siúd atá ainmnithe do Bharr 50 na bliana seo:

Aerphort Dhúin na nGall
An Cupán Tae
Angel
APPLE
Arann Island Ferries
Bóthar
Brian de Staic
Brian Mac Cába
Brophy Insurance
Carlsberg
Ceart
Ceathrú Gaeltachta
Chef
Coláiste na bhFiann
Colm Ó Nualláin
Comharchreidmheasa Ghaoth Dobhair
Danny Minnies
Debraam

Dolores O'Reilly
Domhnaill Murray
Druids Glen Golf Club
Eachtraí Uisce
Examcraft
Fis Beo
Frank Conroy
Gnó Mhaigh Eo
JFK signs
Keith Quigley
Litríocht.com
Mentor Gaeilge
Michael Doherty
Niall Ó Cathain
Oisin Teo
Pádraic Ó Conchúir
PRSAS.ie
Publicjobs.ie
Remax- Liatrom
Rossetta Stone
Ruan Ó Bric
SEACHT - Stirling Productions
seik/Time Mark Ltd
Sensei Solutions
Spark
Spin Fm
Stillwater Communications
Tacsaithe Iarthar Bhéal Feirste
Tayto
Tom Trainor, Institiúd Margaíochta na hÉireann
Tomás Ó Ciarnain, Westmeath Topic
Wikipedia