25 July 2008
Tá sé faighte amach ag Lá Nua nach féidir an foclóir Gaeilge nua do ghutháin phóca, a eisíodh an mhí seo, a úsáid ar gach guthán. Sheol an comhlacht IT, Maithú, agus Foras na Gaeilge, ‘Get the Focal’ ar 9 Iúil, feidhmchlár do ghutháin shoghluaiste a sholáthraíonn breis agus 12,000 aistriúchán Béarla-Gaeilge. Dúirt Maithú ag an am gur oibrigh Get the Focal “ar gach guthán soghluaiste.” Dheimhnigh an comhlacht do Lá Nua, inné, áfach, nárbh fhéidir é a úsáid ar ghutháin a raibh níos lú ná 128kb de chuimhne JAR (Java Archive) orthu. Tá costas 30c (25p ó thuaidh) ar théascsanna a sheoltar chun leath an fhoclóra a íoslódáil ar bhonn trialach, ach baineadh geit as roinnt daoine a rinne iarracht Get the Focal a shuiteáil ar a bhfón nuair a dúradh leo go raibh an feidhmchlár rómhór.
D'éirgh le grúpa pobail duais a bhaint do thionscnamh curtha chun cinn na Gaeilge agus na Polannaise in Ard Mhacha. Mar chuid den tionscnamh, tháinig Gaeil agus Polannaigh le chéile leis an dá chultúr agus leis an dá theanga s’acu a cheiliúradh. Tá daoine páirteach sa tionscnamh Szacunek/Meas idir na haoiseanna 20 - 65 agus cheana féin, reáchtáladh imeachtaí sóisialta, cultúrtha agus idirtheangacha; m.sh. turas chun na Gaeltachta, searmanas trítheangach fáiltithe do na Polannaigh in ...
Mar a shileann an Lagán óna fhoinse ag Sliabh Crúibe go ceann scríbe ag Loch Lao, silfidh an ceol traidisiúnta agus na hamhráin ó Bheanna dorcha Boirche go Sliabh Dubh Bhéal Feirste; deich mbliana a d’imigh a tionóileadh Fleá Uladh i gCaisleán Uidhilín agus le seachtain anuas tá an baile margaidh ag ullmhú do na ceardlanna, na seisiúin agus na ceolchoirmeacha. An mhí seo caite ba é an coiste céanna – Nancy Rogers, Brendan Scullion, ...
Cá raibh tusa ag a cúig a’ chlog ar maidin? Sa leaba? I do chodladh? Ag obair? Amuigh sa bhaile mhór?
Beidh cluiche ceannais athimeartha Chraobh Peile Uladh ar siúl Dé Domhnaigh agus tá an bheirt bhainisteoirí ag súil nach mbeidh gortú ag cur as d’aon
Ná Gabh thar Tí Stiofáin, Máire Uí Fhlatharta Coiscéim Seoladh an leabhar seo le déanaí i Leabharlann Bhaile Bháin i nGaillimh.
Tá roinnt comhlachtaí móra náisiúnta agus idirnáisiúnta ag tapú na deise agus ag úsáid na Gaeilge i gCathair na Gaillimhe le tamall anuas, de réir